An Ciste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí
Mar chuid lárnach de Thionscadal Éireann 2040, tá sé mar aidhm ag Creat Náisiúnta Pleanála agus Plean Forbartha Náisiúnta an Rialtais, an Ciste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí (CAFU), athghiniúint agus athnuachan a spreagadh i gceantair straitéiseacha agus tearcúsáidte laistigh de chúig chathair na hÉireann, príomhspreagthaí réigiúnacha agus bailte móra eile.
Léirítear le CAFU cur chuige nua, níos saincheaptha i leith tacaíocht Rialtais a sholáthar. Le linn a fhaid bheartaithe go 2030, beidh breis is €2 bhilliún de mhaoiniú CAFU spriocdhírithe ar thacaíocht a thabhairt dár bpríomhbhailte agus dár gcathracha a athnuachan agus a athbheochan.
Go dtí seo, bhí trí bhabhta maoinithe faoi CAFU ann, agus tá breis is €1.9 billiún leithdháilte go dtí seo. Faoi Ghlao 1 agus 2, ceadaíodh 132 togra le haghaidh maoinithe, ina raibh thart ar 400 tionscadal aonair. Tabharfar aghaidh ar fholúntas agus dearóiliú fadtéarmach go sonrach le Glao 3 de CAFU ar fud cathracha agus bailte atá incháilithe i leith CAFU. Bainfear é sin amach trí chiste imrothlach €150m a sholáthar d’údaráis áitiúla chun réadmhaoine atá folamh nó tréigthe go fadtéarmach a fháil.
- Foilsithe: 13 Iúil 2018
- An t-eolas is déanaí: 16 Iúil 2025