An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2024
Ar an 17 Deireadh Fómhair shínigh Uachtarán na hÉireann an tAcht nua um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (PDA2024) ina dhlí.
In PDA2024 tugtar cúig bliana fichead de reachtaíocht phleanála cothrom le dáta chun dul i ngleic le huaillmhianta agus dúshláin na hÉireann sna blianta amach romhainn.
Tabharfar an reachtaíocht nua isteach ar bhonn céimnithe. Idir an dá linn, leantar le gach gné de phleanáil a chlúdach san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 (arna leasú).
Tá Plean Cur Chun Feidhme maidir leis an Acht um Pleanáil agus ForbairtPlean Cur Chun Feidhme maidir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 formheasta ag an Rialtas. Leagtar amach sa Phlean Cur Chun Feidhme an sceideal tosaithe le haghaidh an Achta, lena n-áirítear raon na dtionscnamh chun tacú le hoiliúint agus le rannpháirtíocht le haghaidh na hearnála pleanála chun ullmhú don aistriú céimnithe chuig an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024.
Tá obair á déanamh ag an am céanna chun Rialacháin ghaolmhara atá mar bhonn agus mar thaca faoin Acht nua a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta. Nuashonrófar an leathanach seo leis an eolas tábhachtach is déanaí maidir le tosach na hAchta agus le comhairliúchán a bhaineann le Rialacháin sna míonna amach romhainn.
- Foilsithe: 4 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025