Cuardaigh ar fad gov.ie

Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025-2030

Tithe á dTógáil, Pobail á gCothú, 2025-2030: Plean Gníomhaíochta don Soláthar Tithíochta agus chun Dul i nGleic leis an Easpa Dídine

Thug an Rialtas plean nua tithíochta isteach, ar a dtugtar “Tithe á dTógáil, Pobail á gCothú”, arb é is aidhm dó dlús a chur le seachadadh tithe nua agus dul i ngleic leis an easpa dídine. Tá an plean spriocdhírithe ar 300,000 teach a thógáil, lena n‑áirítear 72,000 teach sóisialta agus 90,000 tacaíocht tithíochta inacmhainne. Agus é ag cur leis an dul chun cinn a baineadh amach faoi Thithíocht do Chách, lenar seachadadh 137,000 teach cheana ó 2021, agus bunaithe ar obair an Choimisiúin Tithíochta, beidh ról níos suntasaí ag an Stát leis an bplean seo agus an earnáil phríobháideach á spreagadh ag an am céanna chun príomhról a ghlacadh maidir le seachadadh. Chun dlús a chur le dul chun cinn, áirítear sa phlean athchóirithe rialála, dreasachtaí cánach agus an infheistíocht is mó riamh i mbonneagar i stair an Stáit - €275 billiún sna deich mbliana amach romhainn tríd an bPlean Forbartha Náisiúnta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat