Réadmhaoin Fholamh a Athchóiriú: Athchóiriú á dhéanamh ar mhaoin fholamh
An bhfuil réadmhaoin fholamh agat nó an bhfuil fonn ort ceann a cheannach? An raibh a fhios agat go bhfuil roinnt scéimeanna Rialtais ann chun cabhrú leat foirgneamh folamh nó tréigthe a iompú ina theach? Cuir Anam Nua i Seanbhaile. Cibé an bhfuil tú ag iarraidh réadmhaoin fholamh a cheannach chun é a thiontú ina theach, nó réadmhaoin fholamh cónaithe nó tráchtála a athchóiriú le haghaidh úsáid chónaithe, tá raon tacaíochtaí Rialtais ann.
Tá sé mar phríomhaidhm ag Tithíocht do Chách, plean tithíochta an Rialtais go dtí 2030, aghaidh a thabhairt ar fholúntas agus a chinntiú go n-úsáidtear an stoc tithíochta atá ann cheana a oiread agus is féidir.
Má tá ceist ar bith agat maidir leis na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil do thithe folmha is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig vacancycampaign@housingagency.ie
Príomhthacaíochtaí
Beartas maidir le dul i ngleic le folúntas agus le dearóiliú
Tá tús áite á thabhairt do dhul i ngleic le folúntas agus le dearóiliú faoin bplean náisiúnta tithíochta Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025-2030, trí dheontais agus scéimeanna seanbhunaithe atá ag tacú le daoine chun réadmhaoin fholamh agus thréigthe a úsáid arís i ndiaidh a leithéid a fheabhsú agus a fhorbairt. Cinnteoidh úsáid a bhaint as an réadmhaoin sin go mbeidh tithe breise á gcur ar fáil trí réadmhaoin atá ann cheana féin a athchóiriú agus a athoiriúnú agus úsáid nua a bhaint as spás 'os cionn an tsiopa' agus as iarfhoirgnimh thráchtála fholmha.
- Foilsithe: 26 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 30 Márta 2026