English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Éire Brexit Réidh


Tá dúshláin mhóra shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil d’Éirinn ag imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

Táimid ag obair lena chinntiú go gcuirtear san áireamh i ngach beartas Rialtais a fhorbraímid na hathruithe agus na dúshláin a eascraíonn ón mBreatimeacht.

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach ar an leathanach seo faoinár mbeartais a bhfuil tionchar ag an mBreatimeacht orthu.


An Comhlimistéar Taistil

Faoin gComhlimistéar Taistil (CTA) bogann saoránaigh Éireannacha agus Bhriotanacha faoi shaoirse agus tá cónaí orthu i gceachtar den dá dhlínse agus baineann siad leas as cearta agus pribhléidí gaolmhara, lena n-áirítear an ceart chun cónaí agus obair, chomh maith le rochtain a fháil ar chúram sláinte, oideachas, sochair shóisialta, agus an ceart vótála i dtoghcháin áirithe.

Bhí an Comhlimistéar Taistil ann roimh bhallraíocht na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach agus níl sé ag brath air. Shínigh Rialtas na hÉireann agus na Breataine Meabhrán Tuisceana, ag athdhearbhú a dtiomantais maidir leis an gComhlimistéar Taistil a choinneáil i ngach cás.

Eolas - An Comhlimistéar Taistil


Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta

An ndéanann tú táirgí foirgníochta marcáilte CE?

An tógálaí, sonraitheoir, deimhnitheoir nó gairmí foirgníochta tú agus an úsáideann tú táirgí foirgníochta marcáilte CE mar chuid de do chuid oibre?

Nó b’fhéidir gur allmhaireoir, dáileoir nó ionadaí údaraithe tú de tháirgí foirgníochta marcáilte CE.

Más ea, d’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag an mBreatimeacht ort maidir leis an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta.

Is é atá sa Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta (AE) Uimh 305/2011 (RTF) ná reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) a leagann amach rialacha maidir le margaíocht táirgí foirgníochta san AE. Tá sé dírithe ar bhacainní teicniúla ar thrádáil a laghdú agus saorghluaiseacht táirgí foirgníochta áirithe laistigh den AE a chinntiú.

Eolas - Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta


Naisc úsáideacha

Tá suíomh gréasáin Rialtais amháin ann a thugann faisnéis lárnach ar gach eolas faoi Brexit. Cibé más gnó nó saoránach thú, téigh go dtí gov.ie/brexit. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil maidir le hobair an Rialtais ar Brexit ar an suíomh gréasáin. Áirítear air faisnéis maidir leis na hacmhainní agus na tacaíochtaí airgeadais atá ar fáil ó na ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais uile chun cuidiú le gnólachtaí ullmhú do Brexit.

Tá faisnéis eile a bhaineann le Brexit ar fáil ón An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.