Talamh a Ghníomhachtú le haghaidh Tithíochta
- Foilsithe: 26 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Samhain 2025
Tá brú á chur ar bhonneagar agus ar thithíocht mar gheall ar fhás daonra agus geilleagair na hÉireann. Chun tithe nua a sheachadadh ar mhórscála, tá tosaíocht á thabhairt ag an Rialtas do ghníomhachtú talún agus d’infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar atá riachtanach chun tacú le forbairt tithíochta.opment.
Cad atá á Dhéanamh Againn
- Ag maoiniú fóntais agus bonneagair chun láithreáin tithíochta a dhíghlasáil.
- Córas pleanála soiléir agus comhsheasmhach a chinntiú.
- Iompar, bonneagar agus seachadadh tithíochta a ailíniú.
- Bacainní a bhaint agus comhordú idir na comhpháirtithe uile a fheabhsú.
- An Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe a Fhorfheidhmiú.
- ÚsáidOrduithe Ceannaigh Éigeantaigh (OCÉnna) a neartú.
Tacú le Soláthraithe Fóntais
Táimid ag méadú infheistíochta i:
- Bonneagar leictreachais trí EirGrid agus Líonraí BSL.
- Seirbhísí uisce agus fuíolluisce trí Uisce Éireann.
Chun luas a chur leis an seachadadh, táimid ag:
- Struchtúir a athchóiriú agus bacainní a bhaint.
- Tacú le gníomhaireachtaí atá freagrach as forbairt bonneagair.
Foilseoidh Tascfhórsa neamhspleách Plean Gníomhaíochta go luath chun dul i ngleic le moilleanna agus chun éifeachtúlacht a fheabhsú. Cinnteoidh sé seo go ndéanfar an infheistíocht mhór atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta a sheachadadh níos tapúla ar bhonneagar riachtanach le haghaidh tithíochta.