Uaillmhian agus Tiomantas
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an Rialtas chun tithe nua a thógáil sna blianta atá amach romhainn. Tá maoiniú na billiúin euro faighte aige faoin bPlean Forbartha Náisiúnta (NDP) nuashonraithe chun é sin a dhéanamh, rud a léiríonn a thiomantas láidir do sholáthar tithíochta a mhéadú.
Tugann an maoiniú seo cinnteacht do thógálaithe agus d’infheisteoirí go rachaidh tithíocht ar scála mór ar aghaidh. Tá na láithreacha do na tithe nua seo leagtha amach go soiléir sa Chreat Náisiúnta Pleanála (NPF) agus i bPleananna Ceantair Áitiúil a d’ullmhaigh na comhairlí áitiúla. Cuidíonn an tsoiléireacht seo le gach duine a bhfuil baint acu le tithe a sheachadadh pleanáil agus gníomhú go muiníneach.