An Bille um Thionóntachtaí Cónaithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2026 - Anailís Tionchair Rialála

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Bille um Thionóntachtaí Cónaithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2026 - Anailís Tionchair Rialála

Leag an tAthbhreithniú ar an Earnáil Cíosa Phríobháideach, a foilsíodh i mí Iúil 2024, béim ar an ngá atá le gnéithe áirithe de rialáil cíosa a fheabhsú.

Tar éis an t-athbhreithniú a thabhairt chun críche, iarradh ar an nGníomhaireacht Tithíochta athbhreithniú a dhéanamh ar Chriosanna Brú Cíosa. Foilsíodh “Athbhreithniú ar Chriosanna Brú Cíosa (CBCanna) agus Breithniú ar Roghanna Beartais Féideartha maidir le Rialuithe Cíosa san Earnáil Phríobháideach Cíosa”, i mí Aibreáin 2025. Ceann de na príomhbhéimeanna san athbhreithniú ná scrúdú a dhéanamh ar thionchar CBCanna ar an margadh cíosa agus moltaí a dhéanamh maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart rialuithe cíosa a bhaint, a mhionathrú nó a leasú. Moladh i dtuarascáil na Gníomhaireachta Tithíochta go ndéanfaí an córas rialaithe cíosa atá ann faoi láthair a mhodhnú le tabhairt isteach córas náisiúnta rialuithe cíosa a cheadaíonn praghsanna cíosa a choigeartú le boilsciú laistigh de thionóntacht, agus le haghaidh athshocrú cíosa idir tionóntachtaí chun cíosanna margaidh a léiriú, le bearta slándála tionóntachta feabhsaithe. chun cosaint a thabhairt i gcoinne díshealbhuithe eacnamaíocha.

Ar an 10 Meitheamh 2025, d’fhormheas an Rialtas beartais nua chun rialuithe cíosa agus cosaintí tionóntachta a neartú do thionóntachtaí nua a cruthaíodh ón 1 Márta 2026. Tá na hathruithe sin bunaithe ar mholtaí ón nGníomhaireacht Tithíochta.

Foilsítear thíos an Anailís Tionchair Rialála ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Thionóntachtaí Cónaithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2026.

Regulatory Impact Analysis Residential Tenancies MP Bill 2026
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat