English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An tAcht um Athchóiriú Toghcháin, 2022

Shínigh an tUachtarán an tAcht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 (Uimhir 30 de 2022) ina dhlí ar an 25 Iúil 2022.

Soláthraítear bunús dlí do réimse athchóirithe toghchánacha suntasacha leis an Acht seo de réir gealltanais i gClár an Rialtais - Ár dTodhchaí Chomhroinnte.

Áirítear foráil maidir leis na nithe seo a leanas leis:

  • Coimisiún Toghcháin: Bunú coimisiúin toghcháin neamhspleách – An Coimisiún Toghcháin
  • Clárúchán toghthóirí Nuachóiriú an phróisis clárúcháin toghthóirí atá againn chun breis rochtana agus caighdeán feabhsaithe a chur ar fáil, lena n-áirítear socruithe vótála feabhsaithe do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu
  • Fógraíocht pholaitíochta ar líne: Rialáil ar fhógraíocht pholaitíochta ar líne chun trédhearcacht a thabhairt ar fhógraíocht pholaitíochta sa réimse ar líne le linn tréimhsí toghcháin. Tacóidh sé seo le dioscúrsa polaitíochta oscailte inár bpróisis dhaonlathacha ar bhealach a chosnóidh próisis toghcháin ó thionchair cheilte
  • Sláine na dtoghchán: Sláine ár dtoghchán agus reifreann a chosaint ó scaipeadh agus foilsiú bréagaisnéise agus mífhaisnéise ar líne agus ó iompraíocht láimhsithe nó bhréagach san éicisféar ar líne le linn tréimhsí feachtais toghchánaíochta
  • Srianta sláinte phoiblí: Leasuithe chun a chinntiú gur féidir le himeachtaí toghcháin leanúint ar aghaidh go héifeachtach má tá srianta sláinte phoiblí i bhfeidhm i ngeall paindéime, lena n-áirítear Covid-19
  • Síntiúis pholaitíochta: Rialáil ar shíntiúis agus ar chuntais pholaitíochta a neartú. Áirítear leis seo forálacha chun a chinntiú nach mbaintear úsáid as síntiúis agus acmhainní ó neamhshaoránaigh nach bhfuil cónaí orthu sa Stát chun tionchar a imirt ar ár dtoghcháin agus ár bpróisis pholaitíochta
  • Vótáil na n-oileán: Leasuithe ar an dlí toghcháin le foráil go mbeidh vótáil ar na hoileáin ar siúl ar an lá céanna leis an gcuid eile den tír
  • Tiomsú airgid polaitíochta: Soiléiriú gur féidir le páirtí polaitíochta cur isteach ar cheadúnas crannchuir chun tacú lena ghníomhaíochtaí tiomsaithe airgid.

Tosach feidhme Chéim 1

Is gá gach alt den Acht seo a thosú le hionstraim reachtúil sula mbeidh éifeacht dlí leis.

Leagtar amach an chéad chéim de thosaigh feidhme an Achta seo in I.R. Uimh. 512 de 2022 inar cuireadh forálácha áirithe i bhfeidhm le héifeacht ón 13 Deireadh Fómhair 2022.

I measc roinnt de na príomhréimsí ar cuireadh tús lena bhfeidhm tá na nithe seo a leanas:

  • Ceapacháin bhoird: Forálacha áirithe a bhaineann leis an gCoimisiún Toghcháin chun ceapachán na ngnáthbhall agus an Phríomhfheidhmeannaigh a éascú
  • Clárúchán toghthóirí: Nuachóiriú an phróisis clárúcháin toghthóirí a dhéanamh níos inrochtana agus caighdeán an phróisis a fheabhsú
  • Srianta sláinte phoiblí Leasuithe ar an dlí toghcháin chun a chinntiú gur féidir le himeachtaí toghcháin leanúint ar aghaidh go héifeachtach má tá srianta sláinte phoiblí i bhfeidhm mar gheall ar phaindéim, lena n-áirítear Covid-19. Cuirfidh na leasuithe seo solúbthacht ar fáil i dtaca le vótáil ag imeachtaí toghcháin a mhaireann níos mó ná lá amháin ionas go gcloítear le scaradh sóisialta
  • Vótáil na n-oileán: Leasuithe nua chun a chinntiú go dtarlóidh vótáil ag imeachtaí toghcháin ar na hoileáin ar an lá céanna leis an gcuid eile den tír. Is éard atá i gceist leis seo ná leasú ar fhorálacha vótála reatha na n-oileán chun deireadh a chur le luathvótáil, le cumhachtaí nua don Aire (i gcomhairle le Cinn Chomhairimh) agus chun uaireanta vótála a leasú má bhíonn gá leis mar gheall ar chúinsí áitiúla. Is gá go dtugtar ordú mar sin 7 lá roimh lá na vótála ar a dhéanaí agus ní féidir leis an tréimhse vótála atá leasaithe a bheith níos lú ná ceithre huaire
  • Vótáil speisialta: Tá socruithe san áireamh chun vótáil a éascú nuair nach féidir leis an oifigeach ceannais speisialta áit chónaithe an vótálaí speisialta a bhaint amach. Ligeann na socruithe seo don cheann comhairimh vóta poist a eisiúint don vótálaí speisialta sin, nó na nósanna imeachta nuashonraithe maidir le vótáil speisialta a chur i bhfeidhm de réir Chuid XIV den Acht Toghcháin, 1992 (Vótáil ag Vótálaithe Speisialta)
  • Vótáil phoist: Tá áiseanna vótála poist, atá ar fáil faoi láthair do dhaoine a bhfuil míchumais fhisiciúla acu a chuireann bac orthu freastal ar stáisiún vótála ar lá na vótala, á leathnú amach go toghthóirí a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu freisin.

Nuachóiriú ar chlár na dtoghthóirí

Cuireadh raon na mbeartas a bhaineann le ceart vótála agus clárú na dtoghthóirí i bhfeidhm le héifeacht ón 13 Deireadh Fómhair 2022. Tá sé mar aidhm acu ár bpróiseas clárúcháin toghthóirí a nuashonrú, lena n-áirítear trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • athrú go clárú ar bhonn rollach, nó leanúnach
  • caighdeánú agus simpliú an phróisis clárúcháin.

Déanfar gach iarratas leis an údarás clárúcháin ar an gcéad dul síos agus ní mheasfaidh Cláraitheoirí Contae ach achomhairc amháin.

I measc na n-athruithe, cuimsítear:

  • bunús dlí soiléir ar chomhroinnt sonraí agus ar úsáid UPSPanna sa phróiseas,
  • líon forálacha nua lena n-áirítear clárúchán tacaíochta do dhaoine nach bhfuil aon seoladh acu
  • clárúchán anaithnid do dhaoine a d'fhéadfadh a bheith i mbaol má chuirtear a n-ainmneacha ar an gclár
  • foráil le gur féidir le daoine 16 agus 17 (m)bliana d'aois réamhchlárú a dhéanamh
  • cealú an chláir atá curtha in eagar.

Rinneadh nuachóiriú ar www.checktheregister.ie chun tacú le cur i bhfeidhm na bhforálacha seo.

Tá tuilleadh eolais ar cén dóigh a rinneadh nuachóiriú ar chlár na dtoghthóirí ar fáil sna Ceisteanna Coitianta ag www.checktheregister.ie, lena n-áirítear:

  • dóibh siúd ar mian leo vóta a chaitheamh den chéad uair
  • dóibh siúd ar mian leo a gcuid sonraí a nuashonrú
  • incháilitheacht vótála
  • riachtanais sonraí a ghabhann leis an bpróiseas clárúcháin.

Rinneadh foirmeacha clárúcháin toghthóirí a nuashonrú chun tacú leis an nuachóiriú seo agus tá siad ar fáil ar shuíomh idirlín Check the Register. Beidh siad fós ar fáil i bhformáid pháipéir ó údaráis chlárúcháin do thoghthóirí arb fhearr leo clárú lena n-údarás ar an mbealach sin.

Leathadh amach leaganacha nuashonraithe de choráis atá in úsáid ag údaráis chlárúcháin (áitiúla), rud a éascóidh agus a thacóidh le cur i bhfeidhm na bhforálacha nua. Leathfar togáil chórasach do chlárúchán toghthóirí náisiúnta amach ar Voter.ie mar chuid den chéad chéim eile sa phróiseas nuashonraithe seo, agus is é Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an príomhúdarás i dtaca leis an tionscadal sin.