Tairseach MTT: Ceisteanna Coitianta agus Séanadh
- Foilsithe: 8 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 23 Eanáir 2026
- Cad atá i gceist leis an Tairseach MTT
- Cén cineál iarratas atá liostaithe ar an tairseach?
- An bhfuil faisnéis mhionsonraithe ar iarratais MTT ar an tairseach?
- Cén fhaisnéis atá le fáil ar an tairseach?
- Cad í an phríomhfhoinse faisnéise ar iarratais MTT?
- Comhairle maidir le húsáid Thairseach MTT
- An dtabharfaidh an nasc ar an Tairseach MTT mé go díreach chuig an iarratas?
- Faisnéis a uaslódáil ar iarratas ar thoiliú forbartha in éineacht le TMTT
- Teorainn le faisnéis ar Thairseach MTT
- Séanadh
Cad atá i gceist leis an Tairseach MTT
Cuireann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Tairseach an MTT ar fáil mar fhógra leictreonach don phobal maidir le hiarratais ar thoiliú forbartha in éineacht le Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta (TMTT). Is pointe rochtana lárnach é ar fhaisnéis mhionsonraithe a éascaíonn deiseanna luatha agus éifeachtacha chun páirt a ghlacadh i nósanna imeachta cinnteoireachta comhshaoil i gcásanna den sórt sin. Is áis faisnéise poiblí í an tairseach a chomhlíonann ceanglais Threoir 2011/92/AE arna leasú ag 2014/52/AE maidir le measúnú éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideacha áirithe ar an gcomhshaol.
Cén cineál iarratas atá liostaithe ar an tairseach?
Gach iarratas ar thoiliú forbartha a bhfuil measúnú tionchair timpeallachta (MTT) ag teastáil uathu a dhéantar ar fud na tíre agus amach ón gcósta agus trasna na gcód reachtaíochta uile.
I measc na dtoilithe forbartha a bhfuil gá le MTT ina leith tá iarratais (agus achomhairc) áirithe ar chead pleanála agus ar chineálacha eile toilithe faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, iarratais ar cheadúnas um chosc agus rialú comhtháite ar thruailliú nó ar cheadúnas dramhaíola ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, iarratais chuig an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ar cheadúnas imill trá, iarratais ar údarú sceite fuíolluisce chuig an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara i maidir le forbairtí talmhaíochta áirithe, ceadúnais agus achomhairc dhobharshaothraithe, forbairtí foraoiseachta, scartáil Séadchomharthaí Náisiúnta, forbairtí áirithe a bhaineann le taiscéalaíocht agus saothrú peitriliam agus gáis, ceaduithe tionscadal draenála artaireach áirithe, agus tionscadail bhóthair agus iarnróid áirithe
Feictear ar an tairseach iarratais ar thoiliú forbartha in éineacht le TMTT a rinneadh ó 16 Bealtaine 2017, an dáta a tháinig Treoir 2014/52/AE i bhfeidhm. Níl iarratais roimh an dáta sin le feiceáil.
An bhfuil faisnéis mhionsonraithe ar iarratais MTT ar an tairseach?
Níl. Tá an fhaisnéis ar an tairseach teoranta ó thaobh fairsinge de agus is é an t-aon aidhm atá leis ná an pobal a chur ar an eolas, go tráthúil, faoi iarratais MTT agus nasc a sholáthar chuig suíomh gréasáin an údaráis inniúil ábhartha ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe. Níl an tairseach beartaithe mar fhoinse faisnéise in ionad na faisnéise atá ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil ábhartha.
Cén fhaisnéis atá le fáil ar an tairseach?
Liostaíonn an tairseach gach iarratas nua MTT agus an t-údarás/na húdaráis inniúla a bhfuil siad curtha faoina bhráid/mbráid, ainm an iarratasóra agus cur síos gairid ar an togra, léarscáil CFG a thaispeánann suíomh na forbartha agus soláthraíonn sé nasc URL chuig an bhfaisnéis mhionsonraithe a bhaineann leis an iarratas atá ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil ábhartha. Is féidir cuardach a dhéanamh ar an bhfaisnéis ar an tairseach agus cuirfear leis an bhfaisnéis le himeacht ama.
Cé go dtugann an Tairseach MTT fógra leictreonach faoi gach iarratas MTT, ní chuireann sé seo in ionad ceanglas fógra eile amhail fógraí nuachtáin phoiblí agus fógraí láithreáin. Is féidir rochtain a fháil ar chóip den fhógra nuachtáin phoiblí ar an tairseach agus ba chóir breathnú air le haghaidh cur síos mionsonraithe ar an bhforbairt atá beartaithe, seoladh an láithreáin agus socruithe comhairliúcháin phoiblí.
Cad í an phríomhfhoinse faisnéise ar iarratais MTT?
Is ar an údarás inniúil ábhartha atá an phríomhfhreagracht an pobal a chur ar an eolas agus faisnéis ábhartha a chur ar fáil go leictreonach don phobal agus comhlíonfar an fhreagracht sin tríd an bhfaisnéis seo a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin. Ní foinse faisnéise ionaid ná malartach é Tairseach MTT ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil.
Tá an fhaisnéis ar Thairseach MTT teoranta agus de ghnáth tagann sí ó 2 fhoinse. Cuireann an t-iarratasóir ar thoiliú forbartha an fhaisnéis faoin suíomh agus cur síos gairid ar an bhforbairt atá beartaithe, cóip den fhógra nuachtáin phoiblí, agus ainm an údaráis inniúil ar fáil, sula ndéanann sé/sí an t-iarratas. Tá foirm in-íoslódáilte ar an tairseach atá le comhlánú ag an iarratasóir leis an bhfaisnéis sin. Ansin cuirtear an fhoirm faoi bhráid na roinne. Ní mór fógra deimhnithe ón tairseach a chuireann in iúl gur uaslódáladh an fhaisnéis a cuireadh ar fáil ar an bhfoirm seo chuig Tairseach MTT a chur isteach leis an iarratas ar thoiliú forbartha chuig an údarás inniúil ábhartha.
Uaslódálann an roinn an fhaisnéis a chuireann an t-iarratasóir isteach chuig an tairseach a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná 3 lá tar éis an fhaisnéis riachtanach go léir a fháil. Cuirtear an dáta a cuireadh isteach agus Cód Aitheantais leis. Cuirtear nasc chuig cóip den fhógra poiblí arna sholáthar ag an iarratasóir ar fáil freisin. Tá an fhaisnéis seo le feiceáil ar an tairseach ón am a eisítear an fógra deimhnithe don iarratasóir.
Ar iarratas bailí a fháil, cuireann an t-údarás inniúil tagairt comhaid agus nasc URL chuig an leagan leictreonach den chomhad ar fáil don roinn, agus uaslódálfar é seo i gcomhar leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn an forbróir. Ní bheidh an URL le feiceáil ar an tairseach go dtí go gcuireann an t-údarás inniúil ar fáil é, de ghnáth thart ar sheachtain amháin tar éis an t-iarratas ar thoiliú forbartha a dhéanamh.
Mar ullmhúchán do sheoladh na tairsí ar an 18 Iúil 2018, d’iarr an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faisnéis ó na húdaráis inniúla go léir maidir le hiarratais a rinneadh idir an 16 Bealtaine 2017 agus dáta an tseolta. Fuarthas faisnéis faoi iarratais tar éis dáta an tseolta ó iarratasóirí agus ó údaráis inniúla mar atá leagtha amach thuas.
Comhairle maidir le húsáid Thairseach MTT
Aithnítear limistéar na n-iarratas ar fhorbairtí trí shonraí polagáin a aibhsíonn na teorainneacha ábhartha. Is féidir sonraí stairiúla ó na blianta roimh 2025 a fheiceáil trí chliceáil ar an réimse “taispeáin sonraí stairiúla”. Léireofar aon cheann de na forbairtí seo le diamant, nó le roinnt diamant feadh fhad na forbartha i gcásanna forbairtí líneacha.
Cuimsíonn an tairseach feidhmeanna cuardaigh maidir leis an bhfaisnéis atá ann – cineál tionscadail, údarás inniúil, suíomhanna agus mar sin de. Is féidir le gach úsáideoir na feidhmeanna cuardaigh a oibriú. Fanfaidh an fhaisnéis ar an tairseach tar éis don údarás inniúil an cinneadh a dhéanamh.
An dtabharfaidh an nasc ar an Tairseach MTT mé go díreach chuig an iarratas?
Is é URL an iarratais ar Thairseach MTT an ceann a chuireann gach údarás inniúil ar fáil. I gcásanna áirithe, bíonn suíomh gréasáin an údaráis inniúil struchtúrtha chun rochtain dhíreach a éascú tríd an URL chuig leathanach tosaigh an iarratais, le naisc dhíreacha uaidh sin chuig na doiciméid éagsúla a bhaineann leis an iarratas. I gcásanna eile, bíonn suíomh gréasáin an údaráis inniúil struchtúrtha chun tú a thabhairt chuig leathanach a ligeann duit an t-iarratas a aimsiú. I gcásanna den sórt sin, tabharfar chuig an iarratas thú trí úsáid a bhaint as an bhfeidhm chuardaigh ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil. D’fhéadfadh uimhir thagartha an chláir chomhaid a bheith an-úsáideach chun cabhrú leis an gcuardach seo.
Faisnéis a uaslódáil ar iarratas ar thoiliú forbartha in éineacht le TMTT
Ba chóir d’iarratasóirí ar thoiliú forbartha faoi aon chód reachtaíochta, áit a bhfuil Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta (TMTT) le bheith in éineacht leis an iarratas, cliceáil ar Thairseach MTT - anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
Teorainn le faisnéis ar Thairseach MTT
Ní chuirtear aon fhaisnéis bhreise faoin iarratas leis an tairseach. Ní mór faisnéis faoi amlínte le haghaidh comhairliúcháin phoiblí, socruithe le haghaidh éisteachta ó bhéal (más ann), cinneadh an údaráis inniúil agus amlínte le haghaidh achomhairc (más ann) etc. a fháil ón údarás inniúil ábhartha. De ghnáth, gheofar é seo ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil. Níl aon fhaisnéis ar an tairseach maidir le haon iarratas ar fhaisnéis bhreise, lena n-áirítear Treoir TMTT athbhreithnithe agus fógraí poiblí nua, agus a d’fhéadfadh deiseanna breise le haghaidh rannpháirtíochta poiblí a bheith i gceist leis.
Séanadh
Cuireann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na sonraí lena n-úsáid “mar atá” ar fáil. Tá na pointí agus na ceantair a léirítear sa léarscáil/sonraí seo garbh, bunaithe ar shonraí léarscáile nó polagáin arna soláthar dúinn ag iarratasóirí, ach d’fhéadfadh nach bhfuil siad cruinn de réir chaighdeáin suirbhéireachta nó innealtóireachta. Chun críocha léirithe amháin atá na léarscáileanna/sonraí a thaispeántar anseo agus níl siad oiriúnach le haghaidh cinnteoireachta a bhaineann go sonrach leis an suíomh. Níor cheart an fhaisnéis a fhaightear anseo a úsáid chun gealltanais airgeadais ná aon ghealltanais eile a dhéanamh. Cuireann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an fhaisnéis seo ar fáil leis an tuiscint nach féidir a bheith cinnte go bhfuil sí cruinn, ceart ná iomlán agus tá an t-úsáideoir freagrach as conclúidí a bhaint as an bhfaisnéis sin.
Cé go ndéanfar gach iarracht a chinntiú go gcuirfear faisnéis cheart agus thráthúil ar an Tairseach MTT seo, moltar don phobal, i ngach cás, tagairt a dhéanamh d’fhógraí poiblí agus/nó do shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil ábhartha le haghaidh fógraí, agus do na suíomhanna gréasáin céanna le haghaidh rochtain leictreonach ar an bhfaisnéis ábhartha go léir maidir le hiarratais ar thoiliú forbartha MTT.
Sula dtéann tú ar aghaidh, deimhnigh le do thoil gur léigh tú agus gur thuig tú cuspóir Thairseach MTT, raon feidhme na faisnéise a chuirtear ar fáil, gurb é an t-údarás inniúil ábhartha príomhfhoinse na faisnéise ar gach togra, agus gur ghlac tú leis an Séanadh seo.