Aslonnú
- Foilsithe: 28 Aibreán 2017
 - An t-eolas is déanaí: 21 Deireadh Fómhair 2021
 
Nuair a thosaíonn dóiteán, tig leis leathadh go gasta. Ní mór don teaghlach gníomhú go gasta. Sábhálann ullmhúchán soicindí luachmhara. Is féidir le druil éalaithe dóiteáin chleachta difear mór a dhéanamh.
Sracfhéachaint ar do Dhruil Dóiteáin
- cad a dhéanfaimid nuair a fhuaimníonn an t-aláram deataigh?
 - cleachtaigh an plean go mbeidh sé tugtha chun foirfeachta
 - dún na doirse ar fad nuair a théann tú amach
 - is iad an staighre do phríomhbhealach éalaithe - coinnigh glan é
 - má théann d’éadaí faoi thine – “Stop, Tit agus Rolláil”
 - ná gabh isteach sa teach arís ar chúis ar bith “Gabh Amach agus Fan Amuigh!”
 - cuir glao ar an mbriogáid dóiteáin ón taobh amuigh den teach
 - cinn pointe cruinnithe taobh amuigh den teach gar don áit ar dócha go dtiocfaidh an bhriogáid dóiteáin.
 
Má bhíonn cosc ort fágáil ag deatach, teas nó tine:
- dún na spásanna in oscailtí na ndoirse le braillíní nó le héadaí nó braillín chun an deatach a choinneáil amuigh
 - fan thíos ar an urlár i gcónaí áit a bhfuil an t-aer níos glaine agus níos fuaire
 - téigh go dtí an fhuinneog, oscail é agus scairt ar chuidiú
 - d’fhéadfadh an fhuinneog a bheith ar an dóigh is gaiste agus is sábháilte don bhriogáid dóiteáin chun tú a tharrtháil.
 
Ag baint leas as an bhfaisnéis seo chleachtaigh an druil gach cúpla mí le do theaghlach.
National Directorate for Fire and Emergency Management
- Seoladh:
 - Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0