Athbhreithniú ar úsáid Caonach Móna sa Gairneoireacht - Tuarascáil Deiridh Chathaoirleach an Ghrúpa Oibre
- Foilsithe: 17 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2022
Bunaíodh an Grúpa Oibre maidir le hÚsáid Súsáin sa Tionscal Gairneoireachta i ndiaidh sraith cinntí de chuid na hArd-Chúirte a chinn go n-éilíonn baint mhóna mórscála cead pleanála agus ceadúnú a fháil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Bhí dualgas ar an nGrúpa Oibre go háirithe scrúdú a dhéanamh ar roghanna eile seachas móin a bheith in úsáid sa tionscal gairneoireachta. Tá Tuarascáil Deiridh an Chathaoirligh maidir le hobair an Ghrúpa Oibre foilsithe thíos.
Ag eascairt ón Tuarascáil, d’fhorbair an Roinn Talmhaíochta sraith chomhpháirteach, ag obair i gcomhpháirt leis an Roinn Comhshaoil Aeráide agus Cumarsáide agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Tá an páipéar ina sonraítear na gníomhartha seo foilsithe anseo.
Ina theannta sin, tá doiciméad treorach maidir leis an gcreat rialála le haghaidh baint mhóna coimisiúnaithe ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Is chun críche faisnéise an Treoir seo agus ní léirmhíniú dlí atá ann ar na ceanglais rialála ábhartha a bhaineann le baint mhóna i láthair na huaire.