Bearta rialaithe róslabhrais ag LCS Choimpléasc Phortach Chonamara – Cinneadh ar Scagadh do Mheasúnacht Chuí
- Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Glanadh róslabhrais mar chuid de bhearta caomhnúcháin is gá laistigh de Limistéar Caomhantais Speisialta Choimpléasc Phortach Chonamara.
Léiríodh go laghdaítear bithéagsúlacht, scriostar speicis dhúchasacha, agus go gcuirtear bac ar athghiniúint coillearnaí mar thoradh ar chlampaí lonracha neamhdhúchasacha róslabhrais agus go bhfuil siad ina n-óstach don phataigin planda tábhachtach Phytophthora ramorum.