Feabhsúchán Foirgníochta
- Foilsithe: 26 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Samhain 2025
Tá an Rialtas tiomanta do thithe atá buailte ag ábhair lochtacha agus droch-chleachtais tógála a dheisiú. Bhí tionchar ag na saincheisteanna seo ar na mílte teaghlach agus pobal, agus is tosaíocht é aghaidh a thabhairt orthu.
Scéimeanna Reatha
- Scéim Feabhsúcháin Piríte
Deisíonn sé tithe a ndearnadh damáiste dóibh de bharr at leaca urláir faoi thalamh.- Iarratais a fuarthas: 3,398
- Ceadaithe: 2,936
- Tithe Feabhsaithe: 2,851
- Scéim Deontais Feabhsaithe um Bloic Coincréite Lochtacha
Cuidíonn sé le húinéirí tí tithe a dheisiú a tógadh le bloic choincréite lochtacha.- Tithe a dtacaítear leo: 2,799 (ó R2 2025)
- Tabharfar scéim nua isteach go luath do thithe sóisialta a bhfuil tionchar ag bloic lochtacha orthu.
Bearta Nua
Faoi Thithe á dTógáil, Pobail á gCothú, déanfaidh an Rialtas:
- Tacú le feabhsú ar shábháilteacht dóiteáin, sábháilteacht struchtúrach, agus lochtanna iontrála uisce in árasáin agus titthe leathscoite a tógadh idir 1991 agus 2013.
- Leanúint ar aghaidh leis an Scéim Feabhsúcháin Eatramhach d’Árasáin Lochtacha.
- Reachtaíocht a chur chun cinn go tapa chun cur chuige fadtéarmach a chur i bhfeidhm maidir le feabhsú árasán.
Ár Sprioc
Tithe a athbhunú, teaghlaigh a chosaint, agus pobail a bhfuil tionchar ag cleachtais thógála lochtacha orthu a neartú