An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Cinneadh maidir leis an Ráiteas Tionchair Natura (RTN) leis an Séú Clár Gníomhaíochta um Níotráití
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Leis an Séú Clár Gníomhaíochta um Níotráití (CGN), tugtar éifeacht do cheanglais na Treorach um Níotráití (91/676/CEE) agus is é is cuspóir dó truailliú uiscí dromchla agus screamhuisce ó fhoinsí talmhaíochta a chosc, agus cáilíocht an uisce a chosaint agus a fheabhsú; le I.R. Uimh. 113/2022 - Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint), 2022 tugtar éifeacht don Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta sa reachtaíocht náisiúnta.
Tá an Treoir um Níotráití ina dlúthchuid den Chreat-Treoir Uisce agus tá sí ar cheann de na príomhionstraimí chun uiscí a chosaint ó bhrúnna talmhaíochta.