Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda 2026

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda 2026


Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda 2026

Tá Ciste Infheistíochta Straitéisí Píolótach san Oidhreacht Dhomhanda á thriail in 2026 chun infheistíocht a sholáthar d’Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn.

Tá maoiniú á chur ar fáil d’údaráis áitiúla, ENRanna agus d’úinéirí príobháideacha chun Oidhreacht Dhomhanda in Éirinn a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú. Beidh €350,000 san iomlán ar fáil go náisiúnta faoin scéim phíolótach in 2026. Tá sé mar aidhm ag an scéim phíolótach seo cabhrú le húinéirí agus le caomhnóirí i Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA nó i Láithreán ar an Liosta Sealadach chun tréithe (agus tréithe féideartha) de Shárluach Uilíoch (SU) a fheabhsú, a chosaint agus a chaomhnú. An rud atá i gceist le SU ná tábhacht nádúrtha nó chultúrtha láithreáin atá chomh heisceachtúil sin gur fiú é a aithint mar chuid d’oidhreacht choiteann an chine dhaonna.

Féadfar maoiniú a sholáthar do na cineálacha struchtúr seo a leanas:

  • Séadchomharthaí: gné ailtireachta nó sheandálaíochta, a chuireann le SU nó atá ina dtréithe de ó thaobh na staire, na healaíne nó na heolaíochta de;
  • Foirgnimh: foirgnimh scartha nó cheangailte, a chuireann le SU nó atá ina dtréithe de ó thaobh na staire, na hailtireachta nó na heolaíochta mar gheall ar a n-ailtireacht, a n-aonchineálacht nó a suíomh sa tírdhreach;
  • Saothair an chine dhaonna nó saothair de chuid an nádúir agus an duine araon, agus limistéir san áireamh ina bhfuil láithreáin seandálaíochta/ tírdhreacha deartha, a chuireann le SU nó atá ina dtréithe de ó thaobh na staire, na haeistéitice, na heitneolaíochta nó na hantraipeolaíochta.

Bunaidhmeanna an Chiste

Tá maoiniú á chur ar fáil chun:

  • Tuiscint, léirmhíniú agus léiriú struchtúr a fheabhsú (lena n-áirítear léirmhíniú agus léiriú fíorúil agus ar líne);
  • Rochtain ar struchtúir a fheabhsú;
  • Oibreacha caomhnaithe a chumasú ar struchtúir a bhfuil tacaíocht phráinneach ag teastáil uathu, lena n-áirítear athléimneacht a chothú chun seasamh in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide; agus,
  • Cosaint struchtúr a fheabhsú.

Sruthanna

Tá dhá Shruth ag an gCiste Infheistíochta Straitéisí san Oidhreacht Dhomhanda:

Sruth A

Cuirfidh Sruth A maoiniú suas le €30,000 ar fáil chun tuiscint, léirmhíniú agus cur i láthair feabhsaithe na suíomhanna seo lena n-áirítear a mbonneagar rochtana (lena n-áirítear go fíorúil agus/nó ar líne).

Sruth B

Cuirfidh Sruth B maoiniú suas le €100,000 ar fáil chun struchtúir a chosaint agus a chaomhnú, lena n-áirítear deisiúcháin riachtanacha, comhairle faoi chaomhnú, ullmhú Plean Bainistíochta Caomhantais agus sonraíochtaí mionsonraithe oibreacha.

Is féidir le hÚdaráis Áitiúla suas le 3 iarratas a chur isteach in aghaidh gach Maoine Oidhreachta Domhanda nó Láithreáin atá liostaithe ar an Liosta Sealadach.

Tionscadail Incháilithe

Chun a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh, ní mór do struchtúir a bheith:

  • ar áireamh i dTaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSA) faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (arna leasú); nó
  • aitheanta i dTaifead Láithreán agus Séadchomharthaí (TLS); nó
  • ar áireamh i dTaifead ar Dhéanmhais Chosanta.(TDC) de chuid gach Údaráis Áitiúil; nó
  • atá incháilithe don TDC ach nach bhfuil faomhadh foirmiúil faighte acu go fóill le go gcuirfear san áireamh iad; nó,
  • laistigh de Limistéir Caomhantais Ailtireachta

Ina theannta sin, beidh ar struchtúir incháilithe ceann amháin nó an ceann eile den dá choinníoll cháilitheacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  1. tá siad ar áireamh laistigh de theorainneacha beartaithe láithreáin atá liostaithe ar an Liosta Sealadach mar thréithe féideartha de Shárluach Uilíoch;
  2. tá siad ar áireamh laistigh de theorainneacha Maoine Oidhreachta Domhanda na hÉireann mar thréithe de Shárluach Uilíoch; nó
  3. tá siad san áireamh i gCrios Maoláin timpeall ar Maoine Oidhreachta Domhanda nó i gCrios Maoláin beartaithe láithreáin atá liostaithe ar an Liosta Sealadach a mheastar a bheith ag cosaint nó ag cur leis an Shárluach Uilíoch.

Níl struchtúir atá faoi úinéireacht/choimeád an Aire nó faoi úinéireacht/choimeád Oifig na nOibreacha Poiblí san áireamh sa scéim (mura bhfuil comhaontú/ceadú roimh ré i bhfeidhm).

Conas Iarratas a Dhéanamh

Doiciméid

WHSIF26 Lámhleabhar
Amharc amharc
WHSIF26_A Foirm Iarratais
Amharc amharc
WHSIF26_C Coinbhleachta Leasa
Amharc amharc
Form D WHSIF Conflict of Interest
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat