Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2021 - Gairm ar Thionscadail
- Foilsithe: 4 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 4 Márta 2021
Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail sa bhliain 2020 ar dtús chun infheistíocht a dhéanamh in oidhreacht sheandálaíochta na hÉireann.
Tá cuid den mhaoiniú seo curtha i leataobh d’údaráis áitiúla, d’úinéirí príobháideacha agus do ghrúpaí pobail ar mhaithe le cúram, caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomharthaí seandálaíochta.
Beidh maoiniú luach €2,000,000 ar fáil ar bhonn náisiúnta do thionscadail faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail 2021.
Infheisteoidh Ciste na Séadchomharthaí Pobail caipiteal riachtanach inár n-oidhreacht sheandálaíochta luachmhar agus cabhróidh sé le húinéirí agus le caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo chun tairbhe pobal agus an phobail.
Tá tionchair an athraithe aeráide ar ár séadchomharthaí ag teacht chun soiléire de réir a chéile. Ó tharla méadú a bheith tagtha ar líon na dteagmhas síonchaithimh agus na dteagmhas trom aeráide, is dócha go mbeidh timthriall deisithe ár n-oidhreachta tógtha níos giorra ná mar a bhí. Bainfidh fíorthábhacht le breis obair chothabhála agus deisithe chun seasmhacht ár séadchomharthaí a láidriú ionas go mbeidh siad in ann déileáil le héifeachtaí timpeallacht atá ag athrú.
Príomhaidhmeanna an Chiste
Is iad príomhaidhmeanna an Chiste seo séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur i láthair. Cabhróidh an Ciste leis na nithe seo:
- cumasóidh sé oibreacha caomhantais a chur i gcrích ar shéadchomharthaí a mheastar atá suntasach agus a dteastaíonn tacaíocht uathu ar bhonn práinne;
- spreagfaidh sé rochtain ar shéadchomharthaí agus feabhsóidh sé an chuma atá orthu;
- cothóidh sé seasmhacht ár séadchomharthaí chun cur ar a gcumas déileáil le héifeachtaí an athraithe aeráide.
Spreagann an Roinn tacadóirí tionscadail chun gné oiliúna i scileanna traidisiúnta a áireamh i dtionscadail.
Snáithe 1-3
Tá 3 Shnáithe luaite le Ciste na Séadchomharthaí Pobail:
- Tairgfidh Snáithe 1 deontais suas le €85,000 a bhfuil sé mar aidhm leo oibreacha deisithe agus caipitil a dhéanamh atá riachtanach le haghaidh caomhnú agus deisiú séadchomharthaí seandálaíochta (Tá €1,000,000 ar fáil)
- Tairgfidh Snáithe 2 deontais suas le €30,000 chun Pleananna/Tuarascálacha Bainistíochta Caomhantais a fhorbairt a bhfuil sé mar aidhm leo bearta a shainaithint do chaomhnú séadchomharthaí seandálaíochta agus rochtain phoiblí a fheabhsú. (Tá €550,000 ar fáil)
- Tairgfidh Snáithe 3 deontais suas le €30,000 chun bonneagar rochtana agus áiseanna léirléimh (lena n-áirítear fíorúil/ar líne) ag séadchomharthaí seandálaíochta a fheabhsú (lena n-áirítear beartas sláinte poiblí COVID 19). (Tá €450,000 ar fáil)
Tionscadail Incháilithe
Soláthraíonn Ciste na Séadchomharthaí Pobail maoiniú do thionscadail a bhaineann le:
- Séadchomharthaí Seandálaíochta atá san áireamh sa Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSA) faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (arna leasú);
- Séadchomharthaí Seandálaíochta atá sainaitheanta sa Taifead Láithreán agus Séadchomharthaí atá curtha i dtoll a chéile ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta.
Bainfidh tionscadail incháilithe leis na catagóirí seo a leanas:
- tionscadail atá á moladh ag Údarás Áitiúil i ndáil le séadchomharthaí seandálaíochta faoi úinéireacht phoiblí, le béim shoiléir ar oidhreacht agus fianaise maidir le leas pobail nó poiblí curtha ar fáil;
- tionscadail atá beartaithe ag Údarás Áitiúil de bhun iarratas faighte ó iarratasóirí príobháideacha ar úinéirí nó caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iomchuí iad lena mbaineann leas poiblí follasach.
- tionscadail ina bhfuil béim shoiléir ar oidhreacht agus leas pobail nó poiblí atá molta go díreach chuig an Roinn ag eagraíocht Státmhaoinithe atá ag obair sa réimse oidhreachta.
Conas iarratas a dhéanamh
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait agus más mian leat iarratas a dhéanamh, íoslódáil an doiciméad seo a leanas: