Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2022 - Gairm ar Thionscadail


Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail sa bhliain 2020 chun infheistíocht a sholáthar d’oidhreacht seandálaíochta na hÉireann.

Tugtar cuid den mhaoiniú seo d’údaráis áitiúla, d’úinéirí príobháideacha agus do choimeádaithe, agus do ghrúpaí pobail chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur chun cinn.

Is é €5,000,000 an méid iomlán a bheidh ar fáil go náisiúnta do thionscadail faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail 2022.

Déanann Ciste na Séadchomharthaí Pobail infheistíocht san oidhreacht seandálaíochta agus cabhraíonn sé le húinéirí agus le coimeádaithe séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint don am atá amach romhainn agus chun tairbhe ceantar áitiúil agus an phobail.

Is léir go bhfuil éifeacht an athraithe aeráide ar ár seádchomharthaí ag dul i méid. Mar thoradh ar an méadú atá ann ar shíonchaitheamh agus ar imeachtaí aeráide tromchúiseacha, is dócha go mbeidh timthriall deisithe na hoidhreachta tógtha níos giorra. Beidh gá le níos mó oibre chothabhála agus dheisiúcháin chun cur le teacht aniar ár séadchomharthaí agus chun go mbeidh siad ábalta tionchar na timpeallachta atá ag athrú a sheasamh.

Príomhaidhmeanna an Chiste

Is iad príomhaidhmeanna an Chiste seo ná séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus iad a chur i láthair. Tá sé ar fáil le haghaidh:

  • oibreacha caomhnaithe ar shéadchomharthaí a mheastar go bhfuil tábhacht ag baint leo agus go bhfuil sé riachtanach tacú leo go práinneach
  • oibreacha chun go mbeidh teacht aniar inár séadchomharthaí ionas go mbeidh siad ábalta éifeacht an athraithe aeráide a sheasamh
  • oibreacha chun rochtain ar shéadchomharthaí a spreagadh agus feabhas a chur ar an gcaoi ina gcuirtear i láthair iad.

Is mian leis an Roinn tionscnóirí tionscadail a spreagadh chun eilimint oiliúna a bhaineann le scileanna traidisiúnta a ionchorprú sna tionscadail.

Snáithe 1-3

Tá 3 Shruth i gCiste na Séadchomharthaí Pobail:

  • faoi Sruth 1 beidh deontais suas le €85,000 ar fáil a bheidh dírithe ar dheisiúcháin bhunriachtanacha agus ar oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus a dheisiú
  • faoi Sruth 2 beidh deontais suas le €30,000 ar fáil chun Pleananna/Tuarascálacha Bainistíochta Caomhnaithe a fhorbairt a bheidh dírithe ar bhearta a shainaithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus chun an rochtain phoiblí a fheabhsú.
  • faoi Sruth 3 beidh deontais suas le €30,000 ar fáil chun feabhas a chur ar bhonneagar rochtana agus léirmhíniúcháin (rochtain fhíorúil/ar líne san áireamh) ag séadchomharthaí seandálaíochta (bearta sláinte phoiblí COVID 19 san áireamh).

Tionscadail Incháilithe

Cuireann Ciste na Séadchomharthaí Pobail maoiniú ar fáil do thionscadail maidir le:

  • Séadchomharthaí Seandálaíochta atá luaite sa Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (Leasú)
  • Séadchomharthaí Seandálaíochta atá luaite sa Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna, tiomsaithe ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta.

Roghnófar tionscadail incháilithe ó na catagóirí a leanas:

  • tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil i dtaca le séadchomharthaí seandálaíochta atá faoi úinéireacht phoiblí, sa chás gur léiríodh go rachaidh siad chun tairbhe an phobail agus go bhfuil fócas soiléir oidhreachta i gceist
  • tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil de bhun iarratas a fuarthas ó iarratasóirí príobháideacha, ar úinéirí nó coimdéadaithe de shéadchomharthaí seandálaíochta ábhartha iad agus más léir go rachaidh siad chun tairbhe an phobail
  • iarratais le haghaidh tionscadal ina bhfuil béim shoiléir oidhreachta ann agus más léir go rachaidh said chun tairbhe an cheantair nó an phobail, curtha isteach go díreach go dtí an Roinn ó eagraíocht Státmhaoinithe atá ag obair i réimse na hoidhreachta.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun tuilleadh a fháil amach agus chun iarratas a chur isteach, déan an doiciméad a leanas a íoslódáil:

Ciorclán CMF2022 - Ciste na Séadchomharthaí Pobal 2022