Clárú chun vótáil
- Foilsithe: 8 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 10 Meán Fómhair 2025
Clár na dToghthóirí
Déanann Údarás Clárúcháin laistigh de Chomhairle Cathrach nó Contae Clár na dToghthóirí a bhainistiú agus a choimeád.
Chun a fháil amach an bhfuil d’ainm ar Chlár na dToghthóirí is féidir leat:
- seiceáil ar líne ag www.checktheregister.ie
- iarraidh ar oifig d'údaráis áitiúil. iarraidh ar oifig d'údaráis áitiúil
Vótáil speisialta
Má tá cónaí ort in ospidéal, i dteach altranais, i saoráid mheabhairshláinte nó i saoráid dá leithéid agus mura bhfuil tú ábalta dul chuig d’ionad vótála de bharr tinnis nó míchumais, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun tú a chur ar liosta na vótálaithe speisialta.
Vótáil phoist
Tá daoine áirithe i dteideal iarraidh ar vóta poist:
- baill den Gharda Síochána (fórsa póilíneachta),
- daoine a bhfuil cónaí orthu sa bhaile ach nach bhfuil in ann dul chuig ionad vótaíochta chun vóta a chaitheamh de dheasca breoiteachta nó míchumais,
- comhaltaí lánaimseartha d’Óglaigh na hÉireann;
- taidhleoirí Éireannacha atá ar seirbhís thar lear agus a gcéilí nó a bpáirtnéirí sibhialta;
- daoine ar dócha go gcoiscfidh a ngairmeacha iad ó vótáil ag a n-ionad vótaíochta áitiúil lá toghcháin, lena n-áirítear mic léinn lánaimseartha atá cláraithe sa bhaile agus atá ina gcónaí in áit eile agus iad ag freastal ar fhoras oideachais sa Stát (faoin socrú sin, cuirtear páipéar ballóide chuig baile an toghthóra agus caithfidh seisean/sise socrú a dhéanamh go ndéanfaidh Garda a d(h)earbhú aitheantais a fhianú sula marcálfaidh sé/sí an páipéar ballóide agus sula gcuirfear ar ais é leis an bpost chuig an gceann comhairimh),
- toghthóirí nach féidir leo vóta a chaitheamh ag a n-ionad vótaíochta de dheasca imthosca a bhaineann lena dtréimhse choinneála i bpríosún, de bhun ordú de chuid na cúirte,
- roinnt baill foirne an toghcháin fostaithe ag ionad vótaíochta lasmuigh den toghcheantar ina bhfuil cónaí orthu, agus
- i gcás go bhfuil duine buartha faoina s(h)ábháilteacht nó faoi shábháilteacht duine dá t(h)eaghlach dá bhfoilseofaí a (h)ainm agus a s(h)eoladh baile, féadfaidh iarratas a dhéanamh le bheith mar thoghthóir anaithnid. Ní féidir na toghthóirí sin ach vóta a chaitheamh tríd an bpost.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar chlár na dtoghthóirí i raon teangacha éagsúla.