Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Clár Caipitil na Seirbhísí Dóiteáin


Gnáthchostais

Is iad na húdaráis dóiteáin a sheasann an costas ar sheirbhís dóiteáin a chur ar fáil agus déantar é sin a mhaoiniú le hioncam údaráis áitúil.

Maoiniú don Chlár Caipitil

Aisíocann an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála airgead leis an Údarás Áitiúíl, ar airgead é a caitheadh ar sheirbhísí chun stáisiúin nua dóiteáin a thógáil agus a athchóiriú agus chun fearais dóieáin agus trealamh éigeandála a cheannach.

I measc na dtionscadal a críochnaíodh le déanaí bhí stáisiúin dóiteain i Meathas Troim, i mBéal Átha Liag agus i gCathair Phort Láirge. Í 2005 I leith, táthar tar éis 44 mhórthionscadal stáisiúin nua dóiteáin chur i gcrích.

In 2011, ordaídoh 17 bhfearas nua comhraice dóiteáin agus iad go léir in úsáid faoi dheireadh 2014. I mbliana, 2016, ceannófar 21 fhearas nua agus úsáidfear iad ar fud na tíre. Is é NDFEM atá ag maoiniú na n-inneall dóiteáin seo. A bhuíochas leis an maoiniú seo coinnítear daoine ina mbeatha agus cinntíear go bhfaigheann daoine gortaithe cóireáil chomh tapa agus is féidir i ndiaidh timpiste.

Ionaid Rialaithe Réigiúin: - freagairt chuíchóiriúcháin

Tá trí cinn d’Ionaid Rialaithe Réigiúin tar éis cuíchóiriú a dhéanamh ar láimhseáil na nglaonna éigeandála le haghaidh briogáidí dóiteáin ar fud na tíre. Trí mheán an Computer Aided Mobilisation Project (CAMP) is féidir seibhísí gasta, éifeachtacha glaonna éigeandála a sholáthar don phobal. Cinntítear dá réir go seoltar na briogáidí dóiteáin is cóngaraí tráth a dtagann glao isteach. Tá na hionaid seo lonnaithe i Luimneach, i mBaile Átha Cliath agus i gCaisleán an Bharraigh.

Sonraí Teagmhála

National Directorate for Fire and Emergency Management

Seoladh:
Department of Housing, Local Government and Heritage, Rm. G59, Custom House, Dublin 1, D01 W6X0

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat