Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comórtas do Chomhairleoir Sinsearach - Pleanáil


Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag lorg iarratas don phost Comhairleoir Sinsearach - Pleanáil.

Is é misean na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tacú le seachadadh inbhuanaithe agus éifeachtúil tithe dea-phleanáilte agus rialtas áitiúil éifeachtach.

Áirítear mar chuid de Rannóg Pleanála an RTRÁO sé aonad faoi stiúir Rúnaí Cúnta. Tá comhairleoirí pleanála gairmiúla na Roinne suite laistigh den Aonad Náisiúnta Pleanála Straitéisí agus oibríonn siad faoi threoir agus faoi cheannaireacht straitéiseach an Phríomhchomhairleora/an Phríomhphleanálaí.

Beidh an Comhairleoir Sinsearach (Pleanáil) ar dhuine de chúigear Comhairleoirí Sinsearacha agus áirítear mar chuid den ról oibriú i gcomhar le comhghleacaithe chun tacú le straitéisí agus cuspóirí na Rannóige Pleanála agus na Roinne i gcoitinne agus iad a fhorbairt agus a chur i gcrích.

Eolas Breise

Féach ar an leabhrán eolais iniata chun tuilleadh eolais agus sonraí a fháil faoin bpost.

www.gov.ie/housing/recruitment

An Roinn/An tÚdarás Fostaithe

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Earcú

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag earcú don phost seo faoina Ceadúnas Earcaíochta arna eisiúint ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus de réir Chód Cleachtais an CCSP.

Suíomh Gréasáin na Roinne/an Údaráis Fostaíochta

Láthair

Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath

Iarratais

Is é 3pm an 8 Bealtaine 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Ba chóir d’iarratasóirí a gcuid foirmeacha iarratais a sheoladh ar aghaidh chuig recruitment@housing.gov.ie.

Tabhair ar aird: Ní dhéanfar ach iarratais a chuirtear ar aghaidh ar an bhfoirm iarratais oifigiúil amháin a bhreithniú.

www.gov.ie/housing/recruitment

Documents

Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Senior Adviser Planning Application Form
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat