Comórtas le haghaidh Cleachtóirí Intéirneachta Uachtaránachta an AE
- Foilsithe: 13 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Samhain 2025
- Eolas Breise
- An Roinn/Údarás Fostaithe
- Earcaíocht
- Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag earcú don phost seo faoina Ceadúnas Earcaíochta arna eisiúint ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus de réir Chód Cleachtais an CCSP.
- Suíomh
- Iarratais
- Dáta an Fhógra
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar phoist shealadacha mar Chleachtóirí Intéirneachta i roinnt Aonad den Roinn a dhéileálann le cúrsaí an Aontais Eorpaigh agus idirnáisiúnta atá faoi réimse freagrachta na Roinne.
Is tosaíocht don Rialtas í Uachtaránacht na hÉireann ar an AE sa dara leath de 2026. Tugann an Uachtaránacht deis ar leith d’Éirinn ról lárnach a imirt i gcúrsaí an AE agus i bhforbairt beartas ag leibhéal an Aontais Eorpaigh agus na Náisiún Aontaithe. Cé nach bhfuil príomhthosaíochtaí téamacha na hUachtaránachta socraithe fós, tá raon réimsí faoi chúram na Roinne a bhaineann leis an AE, lena n-áirítear cosaint an dúlra, uisce, tithíocht agus pleanáil. Oibreoidh oifigigh na Roinne go dlúth le Ranna agus Gníomhaireachtaí eile, chomh maith le hIonadaíocht Bhuan na hÉireann chuig an AE sa Bhruiséil.
Beidh na poist shealadacha seo ar feadh tréimhse idir 9-12 mhí, agus cuirfear tús leis na chéad cheapacháin san earrach 2026.
Eolas Breise
Chun tuilleadh eolais faoin bpost a fháil, féach ar an leabhrán eolais atá ceangailte leis seo.
Comórtas don Phost mar Chleachtóir Intéirneachta Uachtaránachta an AE (Post Sealadach)
An Roinn/Údarás Fostaithe
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Earcaíocht
The Department of Housing, Local Government & Heritage is recruiting for this position under its Recruitment Licence issued by the Commission for Public Service Appointments (CPSA) and in accordance with the CPSA’s Code of Practice.
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag earcú don phost seo faoina Ceadúnas Earcaíochta arna eisiúint ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus de réir Chód Cleachtais an CCSP.
Suíomh
Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1 agus Sráid Rí an Tuaiscirt, Baile Átha Cliath 7
Iarratais
Is é 12 p.m. ar an 27 Samhain 2025 an dáta deiridh le haghaidh iarratas.
Ba cheart d’iarrthóirí CV nach bhfuil níos faide ná dhá leathanach agus foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach chuig recruitment@housing.gov.ie
Tabhair faoi deara: Ní bhreithneofar ach iarratais a chuirfear isteach leis an bhfoirm oifigiúil iarratais.
Dáta an Fhógra
13 Samhain 2025.
Dáta Deiridh le haghaidh Iarratas
12 p.m. ar an 27 Samhain 2025.