Comhairle don Phobal maidir le hOidhreacht Seandálaíochta Faoi Uisce na hÉireann
- Foilsithe: 18 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
I bhfarraigí, lochanna agus aibhneacha na hÉireann tá saibhreas ollmhór de láithreáin seandálaíochta, de raiceanna agus de réada. Ar a dtugtar oidhreacht seandálaíochta faoi uisce go ginearálta, ní mór aire chúramach a thabhairt don chuid neamh-in-athsholáthair seo dár gcultúr lena chinntiú go gcaomhnaítear agus go gcosnaítear í ionas gur féidir leis an nglúin reatha agus na glúine atá le teacht taitneamh a bhaint aisti agus staidéar a dhéanamh uirthi. Leagtar béim sa bhileog seo ar an gcaoi ar féidir linn ar fad ár gcion a dhéanamh chun a chinntiú go dtarlóidh sé seo.