Comhaontú Comhroinnte Sonraí molta idir an Roinn Tithíochta Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann (Comhroinnt sonraí roimh chomhairliúchán maidir le hOrdacháin ón Aire)
- Foilsithe: 21 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sé ar intinn ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Comhaontú Comhroinnte Sonraí a dhéanamh faoi Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí 2019.
Beidh an comhaontú molta, Comhaontú Comhroinnte Sonraí idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann ar fáil le haghaidh comhairliúchán phoiblí ar: www.gov.ie/consultations/DSA/ ar feadh tréimhse 28 lá ón 21/11/2022 go 19/12/2022.
Tugtar cuireadh don phobal aighneachtaí a dhéanamh trí ríomhphost chuig consultations.dsa@per.gov.ie
Cuir ainm iomlán an Chomhaontú Comhroinnte Sonraí “DHLGHNMI 017/161122 CCS roimh chomhairliúcháin maidir le hOrdacháin ón Aire.pdf ” san áireamh le do thoil i líne ábhair do ríomhphost. Ní ghlacfar ach le haighneachtaí a dhéantar chuig an seoladh ríomhphoist seo.
Nuair a bheidh an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí caite ní féidir glacadh le haighneachtaí.
Ar na Doiciméid thagartha tá:
Tabhair faoi deara le do thoil go n-áirítear an doiciméad PDF seo ráiteas ón Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) freisin.