Comórtas le haghaidh Iniúchóir Cúnta (Seirbhís Iniúchóireachta Rialtais Áitiúil), An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- Foilsithe: 9 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Márta 2026
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag lorg iarratais ar phost mar Iniúchóir Cúnta (Iniúchóir Rialtais Áitiúil).
Is é misean na Roinne tacú le soláthar inbhuanaithe agus éifeachtach tithe dea-phleanáilte agus le rialtas áitiúil éifeachtach. Is é ról na Seirbhíse Iniúchóireachta Rialtais Áitiúil iniúchtaí a dhéanamh, trí líonra iniúchóirí réigiúnacha, ar chomhlachtaí rialtais áitiúil i gcomhréir leis an gCód Cleachtais Iniúchóireachta Rialtais Áitiúil, agus, ar an gcaoi sin, na caighdeáin is airde maidir le maoirseacht airgeadais, rialachas agus cuntasacht phoiblí a chothú san earnáil Rialtais Áitiúil.
Is cuid de Sheirbhís Iniúchóireachta Rialtais Áitiúil na Roinne é post an Iniúchóra Chúnta, agus tuairiscíonn sé/sí don Iniúchóir Rialtais Áitiúil agus/nó don Phríomh-Iniúchóir. Is iad príomhdhualgais an phoist cúnamh a thabhairt le hiniúchadh reachtúil ar chuntais údarás áitiúil agus comhlachtaí rialtais áitiúil eile i gcomhréir leis an gCód Cleachtais Iniúchóireachta Rialtais Áitiúil. Beidh iniúchtaí Luach ar Airgead san áireamh sna dualgais freisin.
Faisnéis Bhreise
Chun tuilleadh eolais faoin bpost a fháil, féach ar an leabhrán eolais atá ceangailte leis seo.
An Roinn/Údarás atá ag Fostú
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Earcaíocht
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta ag earcú don phost sin faoina hCeadúnas Earcaíochta arna eisiúint ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus de réir Chód Cleachtais an CCSP.
Suíomh Gréasáin na Roinne/an Údaráis atá ag Fostú
Láithreacha
Corcaigh, Baile Átha Cliath, Lár Tíre.
Iarratais
Is é 3pm ar an 27 Márta 2026 an dáta deiridh le haghaidh iarratas.
Ba cheart d’iarratasóirí foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur isteach chuig recruitment@housing.gov.ie
Tabhair faoi deara: Ní mheasfar ach iarratais a chuirfear isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil.