Clár Gníomhachtaithe Orduithe Ceannaigh Éigeantacha (OCÉ)
- Foilsithe: 23 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 3 Samhain 2025
Seoladh an Clár Gníomhachtaithe CPO (Ordú Ceannaigh Éigeantaigh) i mí Aibreáin 2023. Déanann sé foráil do chur chuige pleanáilte, córasach agus réamhghníomhach ag údaráis áitiúla maidir le réadmhaoin atá folamh agus tréigthe a úsáid.
Áiríonn an Clár seo treoir agus tacaíochtaí d’údaráis áitiúla chun a gcumhachtaí reachtacha a úsáid go gníomhach chun réadmhaoine atá folamh agus tréigthe a fháil, i gcás nár éirigh leis an teagmháil le húinéirí.
Tá údaráis áitiúla i mbun réadmhaoin fholamh agus thréigthe a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh le húinéirí chun an réadmhaoin sin a thabhairt ar ais in úsáid agus an raon leathan scéimeanna atá i bhfeidhm anois á úsáid acu. Áirítear leis sin a gcumhachtaí ceannaigh éigeantaigh a úsáid.
Bailítear sonraí do gach údarás áitiúil maidir le líon na réadmhaoine folmha agus tréigthe atá sainaitheanta atá ag dul isteach sa Chlár agus i ndáil le líon na n-éadálacha éigeantacha a tosaíodh.
Teastaíonn comhordú ar fud na bhfoirne laistigh d’údaráis áitiúla chun an Clár a chur chun feidhme go rathúil.
Tá na sonraí is déanaí maidir le gníomhaíocht na n-údarás áitiúil ar fáil thíos.