English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cuspóirí CAFU

Tá sé mar aidhm ag an gCiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí (CAFU) tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt níos dlúithe agus inbhuanaithe, trí na cúig chathair de chuid na hÉireann agus bailte móra eile a athnuachan agus a athbheochan, i gcomhréir le cuspóirí an Chreata Náisiúnta Pleanála agus an Phlean Forbartha Náisiúnta, lena gcomhdhéantar Tionscadal Éireann 2040. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí faoi Thionscadal Éireann 2040 anseo: https://www.gov.ie/2040/

Tá maoiniú 75% á chur ar fáil ag CAFU le haghaidh tionscadail faoi stiúir iarrthóirí lena dtacófar le forbairt níos dlúithe agus inbhuanaithe agus lena gcumasófar sciar níos mó d’fhorbairt chónaithe agus ilchineálach a sholáthar laistigh de na loirg foirgnithe de chuid ár gcathracha agus ár mbailte móra atá ann cheana, agus lena gcinntítear ag an am céanna gur féidir le níos mó codanna dár gceantair uirbeacha a bheith ina n-áiteanna mealltacha agus bríomhara ar mian le daoine cur fúthu agus oibriú iontu, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh iontu agus cuairt a thabhairt orthu.

Léirítear le CAFU cur chuige nua, níos saincheaptha i leith tacaíocht Rialtais a sholáthar. Le linn a fhaid bheartaithe go 2030, beidh breis is €2 bhilliún de mhaoiniú CAFU spriocdhírithe ar thacaíocht a thabhairt dár bpríomhbhailte agus dár gcathracha a athnuachan agus a athbheochan.

Go dtí seo, bhí trí bhabhta maoinithe faoi CAFU ann, agus tá breis is €1.9 billiún leithdháilte go dtí seo. Faoi Ghlao 1 agus 2, ceadaíodh 132 togra le haghaidh maoinithe, ina raibh thart ar 400 tionscadal aonair. Tabharfar aghaidh ar fholúntas agus dearóiliú fadtéarmach go sonrach le Glao 3 de CAFU ar fud cathracha agus bailte atá incháilithe i leith CAFU. Bainfear é sin amach trí chiste imrothlach €150m a sholáthar d’údaráis áitiúla chun réadmhaoine atá folamh nó tréigthe go fadtéarmach a fháil.