Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Sonraí tosaithe foilsithe do mhí na Nollag 2025


  • Cuireadh tús le 3,065 teach i mí na Nollag 2025
  • Ar an iomlán, cuireadh tús le 16,412 teach i rith 2025
  • Sonraí maidir le Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT) ar fáil anois

D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a sonraí míosúla maidir le líon na bhFógraí Tosaithe a fuarthas (táscairí i leith líon na dtithe cónaithe a cuireadh tús leo) le haghaidh mí na Nollag 2025, chomh maith le líon iomlán na bhFógraí Tosaithe a fuarthas i rith 2025 ar an iomlán. Tá sonraí a bhaineann le húsáid na Modhanna Nua-Aimseartha Tógála ar thosaigh nua ar fáil anois freisin.

A bar chart showing annual new residential units commenced from 2015 to 2025 with 16,412 homes commenced throughout 2025.
Fíor 1: Aonaid Chónaithe Nua a Tosaíodh Gach Bliain 2015–2025
A bar chart showing monthly residential units commenced in 2025 with 3,065 homes commenced in December.
Fíor 2: Aonaid Chónaithe a Tosaíodh Gach Mí in 2025

Léirítear leis na sonraí gur taisceadh 3,065 fógra tosaithe do thithe nua i mí na Nollag - méadú ó 1,533 fógra i mí na Samhna (ardú 100%).

Don bhliain 2025 ar fad, fuarthas 16,412 fógra tosaithe. Tá sé seo níos ísle ná 2024, nuair a tháinig méadú géar ar ghníomhaíocht as ar tháinig an líon is airde riamh de 69,311 teach nua, spreagtha, go pointe áirithe, ag an deireadh a bhí ag teacht leis an tarscaoileadh tobhaigh forbraíochta agus mar gheall air sin chonacthas borradh déanach sa ghníomhaíocht don bhliain sin. Mar sin féin, thar 2024 agus 2025 le chéile, fuarthas 85,723 fógra tosaithe san iomlán. Léiríonn sé seo méadú 43% i gcomparáid leis an méid iomlán do 2022 agus 2023 (59,758 fógra). Thar na cúig bliana atá caite (2021–2025), cuireadh tús le 176,206 tógáil san iomlán.

As na háiteanna cónaithe ar fad a tosaíodh i mí na Nollag, bhí 42% (1,278) sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. De réir Údarás Áitiúil, is i gCathair Chorcaí a bhí an líon ba mhó aonad tosaithe (560), Baile Átha Cliath Theas ansin (509), agus Dún Laoghaire-Ráth an Dúin (316) ina dhiaidh sin. Tosaíodh dhá aonad i gContae Cheatharlach, i gContae Liatroma, i gContae an Longfoirt agus i gContae Ros Comáin.

As na háiteanna cónaithe ar fad ar cuireadh tús leo i rith 2025 ar an iomlán bhí, 31% (5,074) díobh sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. De réir Údarás Áitiúil, is i gCathair Bhaile Átha Cliath a bhí líon is mó na dtosach (2,304) agus Cathair Chorcaí (1,501) agus Fine Gall (1,328) ina dhiaidh sin. Is i Liatroim a bhí an líon is lú tithe a cuireadh tús leo (52).

A stacked bar chart showing percentage split of new residential commencements by dwelling type from 2021 to 2025.
Fíor 3: Céatadán Roinnte de na Tosaigh Cónaithe Nua de réir Cineál Áit Chónaithe 2021-2025

Modhanna Nua-Aimseartha Tógála

Ó mhí na Bealtaine 2025, déanann an Córas Bainistíochta Rialaithe Foirgníochta (CBRF) taifead anois ar eolas a bhaineann leis an bpríomh-mhodh tógála agus leis an bpríomhábhar tógála nuair a thaisctear fógraí tosaithe. Leis sin, cuireann sé ar ár gcumas aithint cá bhfuil Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT) beartaithe le húsáid.

As na tithe ar fad a tosaíodh i mí na Nollag 2025, thaifead 41% díobh gur úsáid siad ná Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT) mar phríomh-mhodh tógála.

Don dara leath de 2025 (Iúil go Nollaig), tá 69% de na teaghaisí scéime a tosaíodh ag úsáid MNT. Tá MNT á úsáid ag 44% d’árasáin, agus tá 10% de theaghaisí singile ag úsáid MNT. Ar an iomlán aithnítear go bhfuil 47% de na haonaid á dtógáil le MNT.

Maidir le teaghaisí scéime, tá Creat Adhmaid mar an príomhábhar tógála ag 61% díobh.

A line chart showing percentage MMC by dwelling type from July to December 2025. There are three lines - one showing scheme housing, one showing apartments, and one showing single units.
Fíor 4: Céatadán MNT de réir Cineál Áit Chónaithe Bealtaine-Nollaig 2025

Downloadable Data Spreadsheets

Infographic

Tá grafaic eolais cruthaithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun sonraí rianaithe MNT a mhíniú agus tá sé ar fáil le féachaint air nó le híoslódáil thíos.

MMC Infographic 2026
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat