Cáin ar mhaoin thréigthe
- Foilsithe: 28 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Samhain 2025
Tá dlí in Éirinn ar a dtugtar an Acht um Láithreáin Thréigthe 1990, a chabhraíonn le comhairlí déileáil le réadmhaoine tréigthe nó ligthe i léig. Faoin dlí seo, is féidir le comhairlí:
- Réadmhaoin a chur ar Chlár Láithreán Tréigthe.
- Tobhach Láithreán Tréigthe de 7% de luach margaidh na réadmhaoine a ghearradh ar úinéirí gach bliain go dtí go mbeidh an mhaoin socraithe.
Ag deireadh 2024, bhí 2,140 suíomh ar na cláir seo. Mar sin féin, ní léiríonn sé sin scála iomlán na tréigthe ar fud bailte agus ceantar tuaithe. Tá sé beartaithe ag an Rialtas an córas a neartú chun dlús a chur leis an dul chun cinn.
Faoin bplean Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil, tabharfaidh an Rialtas isteach Cáin nua ar Mhaoin Tréigthe (CMT) chun an tobhach reatha a ionadú. Príomhphointí:
- Cáin féinmheasúnaithe faoi bhainistíocht na gCoimisinéirí Ioncaim.
- Leanfaidh siad gnáth-rialacha maidir le bailiú agus forfheidhmiú cánach (lena n-áirítear pionóis agus ús).
- Beidh údaráis áitiúla fós ag sainaithint agus ag clárú readmhaoine tréigthe.
- Beidh an ráta cánach 7% ar a laghad, mar a chéile leis an tobhach reatha.
- Foilseofar clár náisiúnta réamhchéime de réadmhaoin tréigthe in 2027 agus tosóidh an cháin go luath ina dhiaidh sin.
- Idir an dá linn, oibreoidh comhairlí níos déine chun tobhaigh neamhíoctha a bhailiú.
Féadfaidh comhairlí réadmaoine tréigthe a fháil go héigeantach faoin dlí atá ann cheana féin chun iad a chur in úsáid arís.
Ar deireadh, foilseofar clár digiteach náisiúnta de láithreáin tréigthe gach bliain, lena n-áirítear léarscáileanna agus sonraí caighdeánacha do gach réadmhaoin.