Praghsanna Talún agus Seachadadh Tithíochta
- Foilsithe: 26 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Samhain 2025
Praghsanna Talún agus Seachadadh Tithíochta
Is fachtóir mór é costas talún i dtógáil tithe. Nuair a dhéantar talamh a athchriosú le haghaidh forbartha, ardaíonn a luach. Tá an Rialtas ag iarraidh a chinntiú go bhfaigheann an Stát sciar cothrom den mhéadú seo — go háirithe nuair a chaitear airgead poiblí ar bhóithre nua, ar iompar agus ar bhonneagar eile chun tacú le tithíocht.
Chun é seo a dhéanamh, tabharfaidh an Rialtas bearta nua isteach tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn ranníocaíochtaí forbartha. Breathnóidh an t-athbhreithniú seo ar:
- Conas a théann ranníocaíochtaí i bhfeidhm ar chostas agus inmharthanacht tionscadal tithíochta.
- Conas is féidir leis an Stát dóthain maoinithe a fháil chun an bonneagar agus na háiseanna atá ag teastáil do phobail nua a chur ar fáil.