Do chearta agus oibleagáidí faoi thionóntacht
- Foilsithe: 31 Eanáir 2018
- An t-eolas is déanaí: 20 Deireadh Fómhair 2025
Leagtar amach cearta agus oibleagáidí tiarnaí talún agus tionóntaí i ndlí tiarnaí talún agus tionóntaí, chomh maith leis an gcomhaontú léasa nó tionóntachta idir an tiarna talún agus an tionónta. Tá an phríomhreachtaíocht lena rialaítear na cearta agus na hoibleagáidí seo le fáil san Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, arna leasú.
Baineann an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe le gach áit chónaithe atá faoi réir tionóntachta, faoi réir líon teoranta eisceachtaí, atá leagtha amach in alt 3(2) den Acht. I measc na háit chónaithe atá díolmhaithe ón Acht tá, mar shampla, áit chónaithe an t-údarás poiblí, tithe saoire agus áit chónaithe ina gcónaíonn an tiarna talún freisin.
Socrú cíosa
Tá sé mídhleathach do thiarna talún cíos a lorg atá níos mó ná an cíos margaidh áitiúil do réadmhaoine atá cosúil le chéile.
An chaoi a socraítear do chíos
Tá an Tír ar Fad ina Crios Brú Cíosa (CBC) ón 20 Meitheamh 2025.
Tháinig an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2025 i bhfeidhm ar an 20 Meitheamh 2025 chun oibriú na gCriosanna Brú Cíosa (CBCanna) a leathnú agus a mhéadú chun an tír ar fad a chlúdach go dtí an 28 Feabhra 2026.
Is limistéar ainmnithe é Crios Brú Cíosa (CBC) nach féidir cíosanna a mhéadú ann:
- níos mó ná an boilsciú ginearálta, arna thaifeadadh san Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) nó
- faoi níos mó ná 2 % in aghaidh na bliana pro rata, i gcás ina bhfuil boilsciú ICPT níos airde ná 2 %.
Baineann sé seo le tionóntachtaí nua agus le tionóntachtaí atá ann cheana (ach amháin má tá díolúine á cur i bhfeidhm).
Tar éis CBC a ainmniú, bíonn gach tionónta atá ann cheana ar an dáta ainmniúcháin ábhartha cumhdaithe fós ag na dlíthe maidir le cinnteacht cíosa 24 mí. Dá bhrí sin, ní mór do thiarna talún fanacht 24 mí ó thús na tionóntachta nó 24 mí ó sheirbheáil an fhógra bhailí dheireanaigh maidir le hathbhreithniú cíosa sula seirbheálfaidh sé nó sí fógra eile maidir le hathbhreithniú cíosa (mura bhfuil gá le hathbhreithniú níos luaithe mar gheall ar athrú substaintiúil ar chineál an áitribh ar cíos le linn na tréimhse ó dháta thosach feidhme na tionóntachta nó ó dháta seirbheála an athbhreithnithe dheiridh bhailí cíosa de réir mar a bheidh). Tar éis na tréimhse 24 mí sin, tá sé de cheart ag an tiarna talún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcíos gach 12 mhí (nó níos luaithe, má tá údar leis sin mar gheall ar athrú suntasach ar chineál an áitribh ar cíos le linn na tréimhse ón socrú cíosa deireanach).
Ní mór do thiarna talún fógra um athbhreithniú cíosa a sheirbheáil ar thionónta 90 lá ar a laghad sula dtagann an cíos nua chun bheith iníoctha agus ní mór dó nó di an fógra atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC) a úsáid.
Gheobhaidh tú tuilleadh sonraí faoi oibriú CBCanna, lena n-áirítear sonraí na ndíolúintí teoranta aonuaire atá ar fáil, ar shuíomh gréasáin an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC).
Slándáil tionachta
Le linn na chéad 6 mhí de thionóntacht, féadfaidh tiarna talún deireadh a chur leis an tionóntacht gan aon chúis a thabhairt, ar choinníoll go dtugtar fógra 90 lá don tionónta.
Ní ceadmhach do thiarnaí talún ná do thionóntaí conradh a dhéanamh as aon cheann dá n-oibleagáidí faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (mar a fhoráiltear faoi ailt 12 agus 16). Ní fhéadfaidh léas, comhaontú tionóntachta, conradh ná comhaontú eile oibriú chun na hoibleagáidí sin a athrú, a mhodhnú nó a shrianadh.
Ní féidir le tiarna talún deireadh a chur le ‘tionóntacht Chuid 4’ ach ar fhorais theoranta. Forais arbh fhéidir le tiarna talún deireadh a chur le tionóntacht.
Más mian le tiarna talún nó le tionónta deireadh a chur le tionóntacht, ní mór dóibh fógra bailí i scríbhinn um fhoirceannadh a sheirbheáil. Tuilleadh eolais faoi fhógraí foirceanta.
Tionóntachtaí neamhtheoranta (a thosóidh ar an 11 Meitheamh 2022 nó dá éis)
Faoi Thithíocht do Chách, plean tithíochta an Rialtais go dtí 2030, tiocfaidh na tionóntachtaí nua go léir a chruthófar ar an 11 Meitheamh 2022 nó dá éis chun bheith ina dtionóntachtaí neamhtheoranta (ar a dtugtar ‘tionóntacht Chuid 4’ freisin) a luaithe a mhairfidh an tionóntacht sé mhí ar a laghad as a chéile agus nach mbeidh aon fhógra foirceanta seirbheáilte go bailí ar an tionónta. Tá an ceart fós ag tiarna talún ‘tionóntacht Chuid 4’ a fhoirceannadh ar na forais theoranta dá bhforáiltear san Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 (arna leasú) sa Tábla a ghabhann le halt 34.
Tionóntachtaí a thosóidh ar an 10 Meitheamh 2022 nó roimhe sin
I gcás ina mbíonn cónaí ar thionónta in áitreabh ar feadh tréimhse leanúnach 6 mhí agus nár seirbheáladh aon fhógra foirceanta bailí i leith na tionóntachta sin roimh dheireadh na tréimhse 6 mhí, bíonn an tionóntacht bunaithe ar feadh ceithre bliana (i gcás tionóntachtaí ar cuireadh tús leo roimh an 24 Nollaig 2016) nó ar feadh sé bliana (i gcás tionóntachtaí a thosaigh ar an 24 Nollaig 2016 nó dá éis). Tugtar tionóntacht ‘Cuid 4’ air sin san Acht.
Thosaigh ‘tionóntacht bhreise faoi Chuid 4’ nuair a chríochnaigh an ‘tionóntacht tosaigh/roimhe ‘Cuid 4’. Ón 24 Nollaig 2016, nuair a thosaíonn ‘tionóntacht bhreise faoi Chuid 4’, maireann sí ar feadh 6 bliana.
Ní thiocfaidh ‘tionóntachtaí breise faoi Chuid 4’ ar marthain a thuilleadh agus ina ionad sin, féadfaidh ‘Tionóntachtaí Fad Neamhtheoranta’ teacht chun cinn i leith tionóntachtaí a thosóidh an 11 Meitheamh 2022 nó dá éis.
Tionóntacht ar théarma seasta
Is éard is tionóntacht ar théarma seasta ann tionóntacht a mhaireann ar feadh tréimhse ar leith. Ritheann ‘tionóntacht Chuid 4’ taobh le tionóntacht ar théarma seasta, rud a chiallaíonn go mbeidh an tionónta, tar éis tréimhse 6 mhí agus mar a tharlaíonn sa ghnáthchúrsa, i dteideal na gceart urrúis tionachta faoi ‘tionóntacht Chuid 4’. Ciallaíonn sé sin, beag beann ar fhad an léasa ar théarma seasta, go bhfuil teideal ag tionónta anois fanacht san áitreabh faoi ‘tionóntacht Chuid 4’ ar feadh tréimhse neamhtheoranta.
Éarlaisí slándála
Is suim airgid í éarlais slándála a íocann tionónta leis an tiarna talún de ghnáth sula dtosaíonn tionóntacht nó ar dháta thosach na tionóntachta. Coinníonn an tiarna talún an éarlais sin agus tugtar ar ais í don tionónta ag deireadh na tionóntachta, a luaithe nach bhfuil aon riaráistí cíosa, billí, cánacha ná muirir dlite ná nach bhfuil aon damáiste déanta atá níos measa ná an gnáthchaitheamh agus an ghnáthchuimilt. Meastar gur réadmhaoin dhleathach de chuid an tionónta an éarlais slándála go dtí go mbunaíonn an tiarna talún ceart uirthi.
I gcás tionóntachtaí a thosaigh ar an 9 Lúnasa 2021 nó dá éis, ní féidir le tiarna talún íocaíocht roimh ré (lena n-áirítear éarlais) a lorg le haghaidh réadmhaoine atá níos mó ná coibhéis 2 mhí cíosa don réadmhaoin sin (i.e. ní féidir le haon éarlais a bheith níos mó ná cíos 1 mhíosa agus ní féidir le haon réamhíocaíocht chíosa (cibé acu i leith áitíochta na chéad mhí nó ina dhiaidh sin) a bheith níos mó ná cíos 1 mhíosa).
Ba chóir an éarlais slándála a chomhaontú agus admháil shínithe agus dátaithe a sholáthar don tiarna talún agus don tionónta araon.
Ba chóir éarlais slándála a thabhairt ar ais a luaithe a thagann deireadh leis an tionóntacht agus a bheidh an comhaontú tionóntachta comhlíonta. Ní gá an éarlais a thabhairt ar ais don tionónta an lá a fhágann sé nó sí an chóiríocht, ach ní mór don tiarna talún an éarlais a thabhairt ar ais go pras. Ba chóir am a cheadú le haghaidh cigireachta ag deireadh tionóntachta, agus chun aon deisiúcháin/ghlanadh a dhéanamh.
De réir an dlí, meastar gur leis an tionónta éarlais ach is féidir leis an tiarna talún ceart a bhunú chun an éarlais a choinneáil sna himthosca áirithe seo a leanas:
- má tá cíos gan íoc ag deireadh na tionóntachta, féadfaidh an tiarna talún cuid den éarlais nó an éarlais go léir a choinneáil chun na riaráistí cíosa a chlúdach
- féadtar asbhaintí a dhéanamh nó an éarlais a choinneáil ina hiomláine, má rinneadh damáiste os cionn gnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt don mhaoin
- má tá billí fóntais agus muirir eile gan íocaíocht ann
- mura dtugann tionónta fógra leordhóthanach maidir le foirceannadh a t(h)ionóntachta, nó má chuireann sé nó sí deireadh le tionóntacht ar théarma seasta roimh dheireadh an téarma comhaontaithe.
I gcás go gcoimeádann tiarna talún éarlais siar go héagórach, féadfaidh an tionónta díospóid a thabhairt chuig an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC) lena réiteach.