Ról na Gníomhaireachta Forbartha Talún (GFT) a Leathnú
- Foilsithe: 25 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Samhain 2025
Tá ról níos leithne ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún (GFT) anois, agus is féidir léi oibriú i níos mó bailte ar fud na hÉireann. Tacóidh sí le cruthú pobal tionachta measctha ina bhfuil tithíocht shóisialta agus áiteanna cónaithe príobháideacha araon laistigh d’fhorbraíochtaí níos mó.
Déanfaidh an GFT an méid seo a leanas freisin:
- Leanúint ar aghaidh ag forbairt talún faoi úinéireacht an Stáit
- Talamh a thabhairt le chéile ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha araon
- Cabhrú le margadh tithíochta níos cobhsaí agus níos inacmhainní a chruthú