Faireachas Margaidh ar Tháirgí Foirgníochta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Faireachas Margaidh ar Tháirgí Foirgníochta

Tháinig Rialachán nua (AE) 2024/3110 maidir le Táirgí Foirgníochta (ar a dtugtar RTF 2024), i bhfeidhm an 7 Eanáir 2025, agus cuireadh i bhfeidhm é ón 8 Eanáir 2026.

Aisghairfear leis Rialachán (AE) 305/2011 roimhe seo maidir le Táirgí Foirgníochta (ar a dtugtar RTF 2011) ón 8 Eanáir 2026, seachas airteagail áirithe a leanfaidh de bheith i bhfeidhm go dtí an 8 Eanáir 2040.

Tá gach Ballstát freagrach as a ghníomhaíochtaí faireachais margaidh féin a rialáil i gcomhréir leis na ceanglais shonracha de RTF 2024 agus ceanglais uileghabhálacha níos leithne den Rialachán um Fhaireachas Margaidh (AE) 2019/1020.

  • Ainmnítear údaráis rialaithe foirgníochta, faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Táirgí Foirgníochta) 2025 (I.R. Uimh. 669 de 2025), mar na Príomhúdaráis Faireachais Margaidh do tháirgí foirgníochta a thagann faoi raon feidhme an RTF 2011 agus an RTF 2024, laistigh dá limistéir riaracháin, agus
  • Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (tríd an Oifig Náisiúnta um Rialú Foirgníochta agus Faireachas Margaidh (ONRFFM)) ainmnithe mar Údarás Faireachán Margaidh ar bhun náisiúnta, do tháirgí foirgníochta a thagann faoi raon feidhme RTF 2011 agus RTF 2024, faoi Acht um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe ó Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Forálacha Iarmhartacha) 2020 (Táirgí Foirgníochta – Faireachán Margaidh) (Leasú)2020 (I.R. Uimh. 682 de 2020) arna leasú le I.R. Uimh. 670 de 2025)

Téann údaráis rialaithe foirgníochta i gcomhairle le ONRFFM chun tacú le comhlíonadh an RTF 2011 agus RTF 2024 agus chun gníomhaíocht chuí a chinneadh ar chúrsaí forfheidhmithe, de réir mar a thagann siad chun cinn.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar suíomh gréasáin An Oifig Náisiúnta um Rialú Foirgníochta agus Faireachas Margaidh (ONRFFM). Is féidir teagmháil a dhéanamh le ONRFFM ag: support@nbco.gov.ie

Tháinig Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Táirgí Foirgníochta) 2025 (I.R. Uimh. 669 de 2025) i bhfeidhm an 8 Eanáir 2026, agus forálann sé:

  • d’fhaireachas margaidh ar tháirgí foirgníochta in Éirinn i dtaca le riachtanais an RTF 2011 agus RTF 2024, agus Rialachán (AE) 2019/1020.
  • bunú údarás um rialú foirgníochta mar na húdaráis faireachais ar an margadh do tháirgí foirgníochta agus ar cheapadh oifigigh Údaraithe.
  • imscrúdú, cosc, brath nó ionchúiseamh i leith cionta faoi na Rialacháin sin.

Naisc Úsáideacha

Straitéis Faireachais Margaidh do Tháirgí Foirgníochta

Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Táirgí Foirgníochta) 2025 (I.R. Uimh. 669 de 2025)

Acht um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe ó Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Forálacha Iarmhartacha) 2020 (Táirgí Foirgníochta – Faireachas Margaidh) (Leasú) 2025 (I.R. Uimh. 670/2025)

An rialachán um Fhaireachas Margaidh is déanaí

Rialacháin Foirgníochta

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat