Seachadadh Tithíochta Sóisialta Níos Tapúla agus Níos Éifeachtúlavery
- Foilsithe: 25 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Samhain 2025
- An Chúis a bhFuil Tionscadail Níos Mó Tábhachtach
- Cad aTá ag Athrú?
- Buntáistí a bhaineann le Cur Chuige Deartha Caighdeánaithe
- Conarthaí Deartha agus Tógála
Chun aghaidh a thabhairt ar an éileamh méadaitheach tithíochta in Éirinn, tá an Rialtas ag sruthlíniú agus ag luasghéarú tógáil tithe sóisialta, go háirithe forbraíochtaí níos mó i gceantair uirbeacha.
Cad aTá ag Athrú?
- Tá próiseas ‘ceadaithe aonchéime’ nua tugtha isteach do thionscadail tithíochta sóisialta ar fiú suas le €200 milliún iad, rud a chuireann dlús le pleanáil agus soláthar.
- Ní mór do gach tionscadal nua cloí le caighdeáin dearaidh náisiúnta, lena n-áirítear an Lámhleabhar Dearaidh do Thithíocht Ardchaighdeáin agus Riachtanais an Fhostóra maidir le Dearadh Mionsonrach.
Buntáistí a bhaineann le Cur Chuige Deartha Caighdeánaithe
Leis an gcur chuige nua sin, déanfar an méid seo a leanas:
- Cuirfear dlús le ceaduithe trí dheireadh a chur leis an ngá atá le haighneachtaí mionsonraithe a dhéantar arís agus arís eile.
- Rialú níos fearr ar chostais a sholáthar d’údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí tithíochta.
- Cabhrófar leis an tionscal tógála le pleanáil agus tairiscintí níos éifeachtaí.
- Úsáid Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MMC) a chur chun cinn, amhail tógáil lasmuigh den láthair, chun áiteanna cónaithe a sheachadadh níos tapúla agus níos inbhuanaithe.
Conarthaí Deartha agus Tógála
Tá an Roinn Tithíochta ag cur úsáid conarthaí Deartha agus Tógála chun cinn freisin ina gcomhcheanglaítear dearadh agus tógáil i bpróiseas sruthlínithe amháin. Trí úsáid a bhaint as an gcur chuige sin, déantar an méid seo a leanas:
- Laghdaítear amlínte tionscadal faoi 9–18 mí, ag brath ar scála na forbartha.
- Soláthraítear cinnteacht mhéadaithe chostais.
- Tacaítear le húsáid níos leithne MMC.
- Tá an cur chuige sin á chur i bhfeidhm anois trí chreataí réigiúnacha chun cabhrú le húdaráis áitiúla níos mó áiteanna cónaithe a sheachadadh níos tapúla.
Tabharfaidh an Rialtas tús áite don mhodh sin i measc na gcomhpháirtithe seachadta uile chun luas a chur le seachadadh tithíochta ar feadh shaolré an phlean.
An Chúis a bhFuil Tionscadail Níos Mó Tábhachtach
Faoi láthair, tá 20 teach nó níos lú á dtógáil ag údaráis áitiúla i bhformhór na dtionscadal tithíochta sóisialta. Cé go bhfuil siad fóinteach, cuireann na tionscadail bheaga sin teorainn le líon na dtithe is féidir a sheachadadh san iomlán. Beidh forbraíochtaí níos mó ríthábhachtach chun spriocanna amach anseo a bhaint amach
Cad aTá ag Athrú?
- Tá próiseas ‘ceadaithe aonchéime’ nua tugtha isteach do thionscadail tithíochta sóisialta ar fiú suas le €200 milliún iad, rud a chuireann dlús le pleanáil agus soláthar.
- Ní mór do gach tionscadal nua cloí le caighdeáin dearaidh náisiúnta, lena n-áirítear an Lámhleabhar Dearaidh do Thithíocht Ardchaighdeáin agus Riachtanais an Fhostóra maidir le Dearadh Mionsonrach.
Buntáistí a bhaineann le Cur Chuige Deartha Caighdeánaithe
Leis an gcur chuige nua sin, déanfar an méid seo a leanas:
- Cuirfear dlús le ceaduithe trí dheireadh a chur leis an ngá atá le haighneachtaí mionsonraithe a dhéantar arís agus arís eile.
- Rialú níos fearr ar chostais a sholáthar d’údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí tithíochta.
- Cabhrófar leis an tionscal tógála le pleanáil agus tairiscintí níos éifeachtaí.
- Úsáid Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MMC) a chur chun cinn, amhail tógáil lasmuigh den láthair, chun áiteanna cónaithe a sheachadadh níos tapúla agus níos inbhuanaithe