Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Foilsíodh Pleananna Gníomhaíochta maidir le Conair Uisceach do Speicis Choimhthíocha Ionracha (2022 - 2027)

Faoi Airteagal 13(1) de Rialachán an AE maidir le Speicis Choimhthíocha Ionracha, ní mór do na Ballstáit anailís chuimsitheach a dhéanamh ar na conairí maidir le tús neamhbheartaithe agus ar scaipeadh na speiceas coimhthíoch ionrach agus ‘na conairí a bhfuil tús áite de dhíth orthu de bharr mhéid na speiceas nó an díobháil a d’fhéadfadh na speicis atá ag teacht isteach chuig an Aontas tríd na conairí sin a dhéanamh a aithint.’ Trí anailís a dhéanamh ar an mbaol a bhaineann le gach speiceas coimhthíoch ionrach a bhfuil imní ar an Aontas ina thaobh a thabhairt isteach agus a scaipeadh in Éirinn agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu, déantar na conairí gaolmhara a rangú agus a chur in ord tosaíochta. Ó thaobh na conairí tosaíochta de, déantar Pleananna Gníomhaíochta Conairí a fhorbairt.

Is é is cuspóir leis na Pleananna Gníomhaíochta Conairí ná cosc a chur leis an mbaol a d’fhéadfadh na conairí a dhéanamh nó an baol sin a laghdú trí bhearta a úsáid amhail feasacht phoiblí a mhúscailt agus gníomhartha a leagan amach chun tabhairt isteach neamhbheartaithe a chosc trí thruailliú earraí, tráchtearraí, feithiclí agus trealaimh ó speicis choimhthíocha ionracha a laghdú, agus seiceálacha cuí teorann a chinntiú.

Ta na Pleananna Gníomhaíochta Conairí maidir le Slatiascaireacht agus Bádóireacht agus Dobharárthach Áineasa anois ar fáil lena mbreithniú. D’fhorbair grúpa oibre a raibh ionadaí ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ina chathaoirleach air gach ceann acu agus bhí siad ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí idir an 9 Nollaig 2021 agus an 4 Feabhra 2022.

IAS-PAP Boating June 2022
Amharc amharc
Boating Action Plan Synopsis July 2022
Amharc amharc
Angling Action Plan Synopsis July 2022
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat