Do Theaghlaigh Ísealioncaim agus Mheánioncaim
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
- Na leibhéil tithe sóisialta nua is airde riamh, agus 12,000 tógáil nua ar an meán le seachadadh gach bliain go dtí deireadh 2030.
- Próisis shimplithe chun tithíocht shóisialta údaráis áitiúil a cheadú chun dlús a chur leis an seachadadh.
- Caipitliú breise €2.5 billiún don Ghníomhaireacht Forbartha Talún chun tacú le tithe sóisialta agus inacmhainne a sheachadadh.
- Foirne imfhálaithe a bhfuil acmhainní iomlána acu i ngach údarás áitiúil a dhíríonn go heisiach ar thithíocht shóisialta agus inacmhainne nua a thógáil.
- Ciste feidhmíochta nua chun údaráis áitiúla a dhreasú chun a spriocanna tithíochta sóisialta bliantúla ‘féintógála’ a shárú, lena dtacófar le tionscnaimh bhreise pobail agus comhfhorbartha áite.
- Foilsiú rialta sonraí — ar bhonn ráithiúil agus bliantúil — lena dtacaítear le cuntasacht agus trédhearcacht sheachadadh na n-údarás áitiúil.
- Clár athchóirithe tithe folmha údaráis áitiúil chun amanna slánúcháin níos tapúla de thithe sóisialta folmha a dhreasú.
- Ciste Fála Talún leathnaithe cuíchóirithe, méadaithe go €500 milliún d’údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí ceadaithe tithíochta.
- Soláthar leanúnach tacaíochtaí tithíochta sóisialta do thionóntaí i lóistín atá ar cíos go príobháideach, Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) agus an Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC) araon.
- Athbhreithniú ar theorainneacha cíosa ÍCT atá ann cheana chun tacaíocht leordhóthanach a áirithiú faoi scéim ÍCT.