Do Bhailte Tuaithe, Sráidbhailte, ár nOileáin Bheo, agus an Ghaeltacht
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
- Infheistíocht an Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (CAFT) chun bailte agus sráidbhailte tuaithe a athbheochan trí athghiniúint phleanáilte inbhuanaithe.
- Beartas Lár Bailte ar dTús ag leanúint de ghnólachtaí áitiúla a chur chun cinn, seirbhísí poiblí a threisiú, agus líonraí iompair a fheabhsú, agus mealltacht agus carachtar ar leith a shainíonn ár mbailte agus ár sráidbhailte á gcaomhnú ag an am céanna.
- Ráitis Náisiúnta Pleanála do thithíocht tuaithe agus do thithíocht i gceantair Ghaeltachta chun soiléire agus comhsheasmhacht a sholáthar laistigh den chóras pleanála.
- Leas a bhaint as Údarás na Gaeltachta, agus oibriú le hUisce Éireann agus le húdaráis áitiúla, chun tacú le tithe a thógáil do phobail labhartha na Gaeilge.
- Tacaíocht tugtha do thógálaithe FBM chun pobail nua tionachta measctha a fhorbairt ar láithreáin sheirbhísithe i mbailte agus i sráidbhailte trí scéim leathnaithe Réidh le Tógáil.