Don Earnáil Foirgníochta
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
- Méadú faoi dhó ar infheistíocht faoi chlár ‘Built to Innovate’ (Tógtha chun Nuáil) de chuid Fhiontraíocht Éireann, chun glacadh cleachtas tógála éifeachtach agus úsáid modhanna nua-aimseartha tógála (MNT) a spreagadh.
- Clár nua infheistíochta caipitil riosca cothromais €400 milliún le haghaidh tógáil tí sna trí bliana amach romhainn, lena n-áirítear infheistíocht i dtionscadail tógála tí FBManna.
- Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT) i 25% ar a laghad de na tithe sóisialta agus inacmhainne nua uile a thógfar le linn shaolré an Phlean.
- Tacaíocht tugtha do thionscadail chórais thoirtmhéadracha 3D i Luimneach (Tithe SMART) agus i Loch Garman (aonaid thoirtmhéadracha 3D) chun éileamh ar na córais nuálacha sin a chruthú.
- Plean Gníomhaíochta Athnuaite chun Gairmeacha san Fhoirgníocht a Chur Chun Cinn.
- Oiliúint a bhaineann le tógáil chónaithe chun aghaidh a thabhairt ar éilimh amach anseo ar scileanna tógála, lena n-áirítear Plean Gníomhaíochta 5 bliana nua do Phrintíseachtaí (2026-2030).
- An Ghníomhaireacht Forbartha Talún chun an earnáil tógála baile FBM a fhostú i gcur i bhfeidhm a cláir oibre réigiúnaigh GFT.
- Aghaidh tugtha ar chostais bhonnlíne i bhforbairt tithíochta chun inmharthanacht a fheabhsú.