Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta (ORE) – Comhairliúchán Réamhiarratais do Cheadúnais Imscrúdaithe Láithreáin Amháin

Comhairliúchán réamhiarratais

Éilítear ar iarratasóir ar cheadúnas imscrúdaithe láithreáin ORE dul i gcomhairle leis an Rannóg Pleanála Muirí agus Imeall Trá i bhfad roimh na tograí a thabhairt chun críche. Beidh ort foirm réamhiarratais a thugann leagan amach an tionscadail a chur isteach roimh an gcruinniú. Tá an fhoirm ar fáil anseo.

Beidh ort na nithe seo a leanas a chur ar fáil ag cruinniú réamhiarratais:

  • cur síos mionsonraithe ar an tionscadal
  • amchlár an tionscadail
  • sonraí aon cheada eile a éilítear
  • sonraí aon chomhairliúcháin a rinneadh
  • míniú ar an tslí a bhfuil do thionscadal beartaithe ag teacht le Plean Forbartha na hÉireann maidir le Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta

Ba chóir go mbeadh eolas agat ar phleanáil, measúnacht tionchair timpeallachta agus riachtanais measúnachta chuí.

D'fhéadfaí go gcuirfí comhairle ort dul i mbun tuilleadh comhairliúchán le comhlachtaí Stáit ábhartha agus le páirtithe leasmhara áitiúla ar leith sula gcuireann tú isteach foirm iarratais ar chead imeall trá. D'fhéadfaí treoir a chur ort ag an gcruinniú réamhiarratais maidir le lucht comhairliúcháin a bheadh ábhartha do nádúr an iarratais beartaithe. Tá liosta cuimsitheach lucht comhairliúcháin ar fáil anseo.

Treoirdhoiciméid Eile

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat