Gníomhú ar son na hAeráide Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta
- Foilsithe: 14 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 16 Nollaig 2025
- Plean Oiriúnaithe Earnála don Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta (2025)
- Acmhainní
- Maolú ar Athrú Aeráide
Plean Oiriúnaithe Earnála don Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta (2025)
Tá earnáil na hoidhreachta tógtha agus seandálaíochta ar cheann de 13 earnáil tosaíochta a bhfuil gá acu Plean Oiriúnaithe Earnála (POE) a ullmhú. Foilsíodh an POE-OT&S i mí na Samhna 2025 faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe a thagann i gcomharba ar an gcéad POE a foilsíodh in 2019.
Leagtar amach cúig sprioc oiriúnaithe sa POE OT&S agus mapáiltear iad ar phlean gníomhaíochta de ghníomhaíochtaí sonracha atá le cur i bhfeidhm.
Acmhainní
Agus obair an phlean á chur i bhfeidhm, tá roinnt acmhainní curtha ar fáil ag an tSeirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus ag an tSeirbhís Náisiúnta Oidhreachta Tógtha de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, mar threoirlínte agus ábhair oiliúna a d’fhéadfadh a bheith ina gcabhair dóibh siúd a bhfuil baint acu le cúrsaí oidhreachta tógtha agus seandálaíochta.
Tá na hacmhainní atá tiomsaithe thíos ar fáil saor in aisce mar eolas d’úsáideoirí aonair, más mian leat aon chuid den ábhar a chóipeáil agus a athúsáid, déan an fhoinse a lua le do thoil.
Treoir um Oidhreacht agus Oiriúnú Aeráide le haghaidh Údaráis Áitiúla
Treoir agus cás-staidéir maidir le athléimneacht a bhaineann le acmhainní oidhreachta a mhéadú i leith dálaí aeráide reatha agus sa todhchaí.
Treoir um Oidhreacht agus Oiriúnú Aeráide le haghaidh Údaráis Áitiúla
Seimineár Gréasáin maidir le hOidhreacht agus Gníomhú ar son na hAeráide, Meitheamh 2023
Seachadadh seimineár gréasáin maidir le hOidhreacht agus Gníomhú ar son na hAeráide i mí an Mheithimh 2023 mar chuid de chlár Oiliúna maidir le Gníomhú ar son na hAeráide na nÚdarás Áitiúil. Tá taifeadadh den seimineár gréasáin le feiceáil ar chainéal YouTube na Seirbhíse na Séadchomharthaí Náisiúnta.
Tá sleamhnáin de na trí mhodúl ar fáil thíos.
An Chéad Phlean Oiriúnaithe Earnála don Athrú Aeráide
Bhí an chéad Phlean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide don Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta ar cheann de 9 bplean earnála a foilsíodh in 2019 faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe 2018.
Rinneadh athbhreithniú ar fhoinsí ábhartha agus tugtar naisc chuig roinnt acmhainní úsáideacha i sleamhnáin na dtrí mhodúl oiliúna. Tá siad le chéiletaobh thíos.
Measúnuithe samplacha riosca ar an athrú aeráide agus measúnú ar dhálaí
Is cur chuige suíomhshonrach iad measúnuithe riosca ar athrú aeráide (CCRA) chun measúnú a dhéanamh ar an mbail atá ar struchtúir agus ar láithreáin, rud a chabhraíonn le riosca a thomhas agus a chuireann bonn eolais faoi bhearta oiriúnaithe d’fhonn leochaileacht ár n-oidhreachta tógtha agus seandálaíochta a laghdú. I measc na samplaí de shuíomhanna ina ndearnadh CCRA tá:
Maolú ar Athrú Aeráide
Mar ghníomh den Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, tá treoir foilsithe ag an roinn maidir le huasghrádú fuinnimh foirgneamh traidisiúnta do shonraitheoirí agus do shuiteálaithe.
Improving Energy Efficiency in Traditional Buildings, Guidance for Specifers and Installers, 2023
Maidir leis an athúsáid foirgneamh atá ann cheana, tá an measúnú ar thionchair carbóin chorpraithe, i dteannta le tionchair carbóin oibriúcháin, ag dul i dtábhacht de réir a chéile. Leagtar amach sa tuarascáil seo athbhreithniú ar chaighdeáin, treoir, foinsí sonraí agus feidhmchláir bogearraí náisiúnta agus idirnáisiúnta reatha a bhaineann leis an measúnú carbóin saolré ar fhoirgnimh, le béim ar leith ar uasghrádú struchtúr ballaí daingne ó thaobh fuinnimh de.