Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Creat chun Easpa Dídine a Chosc


Tá sé ríthábhachtach easpa dídine a chosc sula dtarlaíonn sé. Tá go leor tacaíochtaí rialtais ar fáil cheana féin chun cabhrú le daoine tithíocht shábháilte a aimsiú agus a choinneáil. Tabharfaidh an Creat chun Easpa Dídine a chosc nua seo na hiarrachtaí seo go léir le chéile. Cabhróidh sé le ranna éagsúla oibriú níos fearr le chéile agus aon tacaíochtaí atá in easnamh a aithint go háirithe do na daoine is mó atá i mbaol a bheith gan dídean.

Cineálacha Coisc ar Easpa Dídine

Féachann an Creat ar chúig phríomhchineál coisc:

  • Cosc Uilíoch: Tacaíochtaí ginearálta do gach duine chun an baol maidir le heaspa dídine a laghdú.
  • Cosc in aghaidh an tsrutha: Cúnamh luath do dhaoine gur léir go bhfuil deacrachta tithíochta acu.
  • Cosc ag Uair na Cinniúna: Tacaíocht do dhaoine atá i mbaol láithreach a dteach a chailleadh.
  • Cosc Éigeandála: Cúnamh do dhaoine atá gan dídean cheana féin chun codladh amuigh a sheachaint.
  • Cosc Leantach: Cúnamh chun daoine a stopadh ó bheith gan dídean arís.

Príomhghníomhartha sa Chreat

Díreoidh an Creat ar:

  • Níos mó tithíocht shóisialta agus inacmhainne a thógáil.
  • Thacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do na daoine is mó atá i mbaol a bheith gan dídean.
  • Ghníomhú go luath chun daoine a stopadh ó chóiríocht éigeandála a bheith ag teastáil uathu.
  • A chinntiú go bhfuil cóiríocht éigeandála ar fáil agus ar chaighdeán maith ionas nach mbeidh ar aon duine codladh amuigh.
  • Thacú le daoine agus iad ag fágáil lóistín éigeandála chun cosc a chur orthu filleadh ar easpa dídine.

Ag Obair as Lámha a Chéile

Beidh na dreamanna seo a leanas i gceist leis an gCreat:

  • Ranna rialtais
  • Údaráis Áitiúla
  • Gníomhaireachtaí stáit
  • Eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna)

Cuirfidh sé obair foirne agus freagracht chomhroinnte chun cinn chun easpa dídine a laghdú.

Na Cúiseanna a Thuiscint

Féachfar sa Chreat ar na cúiseanna a dtarlaíonn easpa dídine, go háirithe orthu siúd is mó atá i mbaol. Léirítear in eolas ó údaráis áitiúla go dteastaíonn cúram sláinte ó go leor daoine a úsáideann seirbhísí do dhaoine gan dídean, go háirithe le haghaidh meabhairshláinte agus andúile.

Réimsí Tosaíochta a dTabharfar Aghaidh orthu

Díreoidh an Creat ar:

  • Dhaoine ag cailleadh a dtithe sa mhargadh cíosa príobháideach.
  • Dhaoine ag imeacht as Soláthar Díreach nó a tháinig go hÉirinn le déanaí.
  • Íospartaigh foréigin baile.
  • Dhaoine a dteastaíonn tacaíocht mheabhairshláinte nó andúile uathu.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat