Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ról na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe i dtaobh tithíocht a sholáthar

Cuireann An Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe iasachtaí ar fáil do chomhairlí áitiúla, comhlachtaí tithíochta agus coláistí chun tithíocht shóisialta, tithíocht ar cíos de réir costais agus cóiríocht do mhic léinn a sholáthar. Ó cuireadh an ghníomhaireacht ar bun, tá maoiniú ón nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe tar éis tacú le breis agus 27,400 teach sóisialta agus inacmhainne ar fud na hÉireann.

Is trí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta a dhéantar an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe a mhaoiniú go príomha. An tAire Airgeadais a dhéanann iasachtaíocht na gníomhaireachta a ráthú. Tá fás tagtha ar theorainn na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe ó thaobh maoinithe de faoi Chlár Nótaí Ráthaithe Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, fás ó €5 bhilliún in 2020 go €12.2 billiún i Samhain 2025.

Cinnteoidh an Rialtas go mbeidh an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe in ann freastal ar an éileamh ar airgeadas tithíochta sna cúig bliana atá le teacht. Déanfar na dlíthe ag baint le hiasachtaíocht na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe a athbhreithniú agus a leasú más gá, an méid sin i gcomhréir le leibhéil iasachtaíochta an Rialtais san iomlán. San am céanna, forbróidh an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe na hacmhainní sa ghníomhaireacht chun bheith ag plé le hiasachtú ar leibhéil níos mó agus níos casta.

Leanfaidh an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe ag obair le hiasachtóirí Eorpacha mar an Banc Eorpach Infheistíochta agus Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa le teacht ar mhaoiniú breise.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat