Iarratais Rathúla
- Foilsithe: 15 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Bealtaine 2025
Go dtí seo, eagraíodh trí Ghlao ar thograí faoi CAFU agus tá breis is €1.9 billiún leithdháilte go sealadach. Bíonn Glaonna 1 agus 2 ag tacú le 132 togra, ina bhfuil breis is 400 tionscadal aonair. Sa tábla thíos, taispeántar líon iomlán na dtionscadal agus leithdháiltí CAFU de chuid an Údaráis Urraíochta, thar Ghlao 1 agus 2 araon.
Glao 3 de chuid CAFU
Cé is moite de ghlaonna maoinithe CAFU roimhe seo, ní próiseas tairisceana iomaíoch a bhí sa tríú babhta tacaíochta maoinithe. Dearadh an tríú babhta tacaíochta maoinithe go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar fholúntas agus dearóiliú fadtéarmach ar fud chathracha agus bhailte CAFU agus chun dlús a chur le soláthar cóiríochta cónaithe. Cinnteoidh an cur chuige sin go mbeidh na tionscadail lena dtacaíonn CAFU ag teacht le cuspóirí reatha beartas rialtais eile amhail Tithíocht do Chách agus Lár an Bhaile ar dTús.
Sa tábla thíos, taispeántar leithdháileadh maoinithe CAFU do Ghlao 3 a fuair gach Údarás Áitiúil, agus líon na réadmhaoine ceadaithe. Beidh feidhm ag an tríú babhta maoinithe sin mar chiste imrothlach tiomnaithe ina mbeidh an deis ag Údaráis Áitiúla tuilleadh réadmhaoine a chur lena gclár ceadaithe.
|
Local Authority |
Call 3 Allocation |
Number of Properties on approved programme |
|---|---|---|