Táirgiúlacht a Fheabhsú
- Foilsithe: 28 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Samhain 2025
Is gnólachtaí beaga iad formhór na ngnólachtaí tógála in Éirinn — fostaíonn 97% díobh níos lú ná 10 duine. Fágann sé seo go bhfuil sé deacair na héifeachtúlachtaí a thagann le scála a bhaint amach.
Cad a Dhéanfaidh an Rialtas
- Spreag tógálaithe mórscála agus úsáid leathnaithe MNT chun táirgiúlacht a threisiú.
- Cuir digitiú agus cleachtais bainistíochta barainneacha chun cinn chun dramhaíl a ghearradh agus costais a laghdú.
- Cruthaigh sruth oibre do thógálaithe FBManna trí chlár réigiúnach na Gníomhaireachta Forbartha Talún.
- Iarr ar fhorbróirí níos mó meantóireacht a dhéanamh ar FBManna agus slabhraí soláthair a roinnt chun cabhrú le gnólachtaí níos lú fás.
An cuspóir: éifeachtúlacht a mhéadú, costais a laghdú, agus níos mó tithe a sheachadadh níos tapúla.