Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Seasmhacht Mhéadaithe Tionachta le haghaidh Tionóntaí

Teastaíonn níos mó cinnteachta ó thionóntaí maidir le fanacht ina dtithe. Is é tionóntacht a chailleadh ceann de na cúiseanna a fágadh teaghlaigh gan dídean le blianta beaga anuas. Chun aghaidh a thabhairt air seo, tabharfaidh an Rialtas dlíthe nua isteach chun cosaintí níos láidre a thabhairt do thionóntaí.

Cad atá ag Athrú?

  • Fad íosta tionóntachta: Mairfidh tionóntachtaí sé bliana ar a laghad.
  • Athshocruithe cíosa: Ag deireadh gach tionóntachta sé bliana, is féidir an cíos a athshocrú go dtí leibhéal an mhargaidh chun cothromaíocht a bhaint amach idir cearta an tiarna talún agus cosaint tionónta.
  • Eisceachtaí: Is féidir le tiarnaí talún beaga (a bhfuil trí réadmhaoin nó níos lú acu) deireadh a chur le tionóntacht má bhíonn deacrachtaí airgeadais rompu nó má theastaíonn an réadmhaoin uathu féin nó óna ngarghaolta. Beidh dianteorainn leis na heisceachtaí seo.
  • Forais foirceanta srianta: Ceadófar níos lú cúiseanna chun deireadh a chuir le tionóntacht.
  • Díol le tionónta-in-situ: Is féidir réadmhaoine a dhíol fós gan deireadh a chur leis an tionóntacht, mar sin ní gá do thionóntaí bogadh amach.

Cén Fáth na nAthruithe seo?

  • Chun áiteanna ar cíos a dhéanamh níos seasmhaí agus níos intuartha.
  • Chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh ar ais isteach sa mhargadh cíosa.
  • Chun soláthar tithe ar cíos a mhéadú agus rogha níos fearr a chuir ar fáil le haghaidh tionóntaí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat