Fógraí Tosaithe i mí Mheithimh 2025
- Foilsithe: 18 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Lúnasa 2025
Taisceadh 1,356 fógra tosaithe do thithe nua i mí an Mheithimh 2025

Graf a léiríonn na fógraí tosaithe ar bhonn atrátha 12 mhí (Iúil go Meitheamh) 2015-2025 - tá tús curtha le 40,804 aonad, laghdú 21% ó 51,821 aonad sna 12 mhí roimhe sin (Iúil 2023 go Meitheamh 2024).
As na 6,235 fógra tosaithe a fuarthas i mbliana go dtí seo (Eanáir-Meitheamh), bhain 31.5% díobh le ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath.
De réir údarás áitiúil, ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a fuarthas an líon ba mhó fógraí tosaithe (1,433) go dtí seo i mbliana, agus bhí Contae Chorcaí (515) agus Dún na nGall (365) ina dhiaidh sin.