An Ghníomhaireacht Forbartha Talún – an Tithíocht Inacmhainne á Spreagadh
- Foilsithe: 27 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2025
Ó bhí 2018 ann, príomhpháirtí atá ann san obair le tithe inacmhainne a sholáthar ná an Ghníomhaireacht Forbartha Talún. Go dtí seo, tá €6.25 billiún leithdháilte ar an nGníomhaireacht Forbartha Talún go deireadh 2025.
Faoin bplean tithíochta nua, “Tithe á dTógáil, Pobail á gCothú”, tá an Rialtas ag cur €2.5 billiún breise leis an méid sin, mar sin maoiniú iomlán €8.75 billiún atá ann. Seo infheistíocht ollmhór sa tithíocht agus ról níos mó don Ghníomhaireacht Forbartha Talún féachaint le tithíocht a sholáthar ar fud na hÉireann.
Na himpleachtaí:
- Bainfear leas as an maoiniú breise chun 14,000 áit chónaithe a sholáthar faoi phlean gnó reatha na Gníomhaireachta Forbartha Talún.
- Ceannóidh an Ghníomhaireacht Forbartha Talún tuilleadh talún — idir thalamh príobháideach agus talamh faoi úinéireacht an Stáit — le háiteanna cónaithe a thógáil i níos mó ceantar.
- Déanfaidh an Ghníomhaireacht infheistíocht sa bhonneagar le go mbeifear in ann tuilleadh áiteanna cónaithe a thógáil sna bailte móra agus sna cathracha.
- Beidh an Ghníomhaireacht ag tacú le comhairlí áitiúla chun pobail úra inbhuanaithe a phleanáil.
Tá 2,000 áit chónaithe curtha ar fáil ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún go dtí seo, agus tá 27,000 áit chónaithe eile á mbeartú. Tá an Ghníomhaireacht gníomhach anois ar níos mó ná 40 láithreán ag obair ar thionscadail atá ar chéimeanna éagsúla ó thaobh forbartha de.