Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil
- Foilsithe: 1 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Iúil 2025
- Cúlra
- Bunú an Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil
- Clár Oibre an Tascfhórsa
- Ballraíocht an Tascfhórsa
- An Nuacht is déanaí
Cúlra
Gealltar i gClár an Rialtais go ndéanfaí athchóiriú agus neartú ar rialtas áitiúil arb é “croílár ár ndaonlathais” é trína gcuirtear go leor de na seirbhísí riachtanacha a bhfuilimid go léir ag brath orthu ar fáil. Deirtear ann go dtionólfaidh an Rialtas ‘Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil’ leis an earnáil Rialtais Áitiúil chun clár a thabhairt chun críche chun an rialtas áitiúil a athchóiriú agus a neartú. Tá dul chun cinn á dhéanamh ar an obair thosaigh trí rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara.
Bunú an Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil
Ar an 4 Meitheamh 2025, cheadaigh an Rialtas go mbunófaí Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil trína gcuirfear clár chun críche chun rialtas áitiúil in Éirinn a athchóiriú agus a neartú. Is gealltanas lárnach i gClár an Rialtais é bunú an Tascfhórsa. Leagtar amach i dTéarmaí Tagartha an Tascfhórsa, arna gcomhaontú ag an Rialtas, clár oibre uaillmhianach agus mionsonraithe, a bhfuiltear ag súil go mbeidh sraith athchóirithe san earnáil rialtais áitiúil mar thoradh air.
Agus a chuid oibre á déanamh aige, tabharfaidh an Tascfhórsa aird ar an obair shuntasach atá déanta cheana féin chun scrúdú a dhéanamh ar chumhachtaí, feidhmeanna agus freagrachtaí an Rialtais Áitiúil sna tuarascálacha seo a leanas:
- - Comhdháil na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach de chuid Chomhairle na hEorpa, Deireadh Fómhair 2023
- - An Comhairleoir san 21ú hAois i Rialtas Áitiúil na hÉireann ó Aontas Rialtas Áitiúil na hÉireann, Nollaig 2023
- - Tuarascáil ó Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid maidir le Todhchaí an Daonlathais Áitiúil, Deireadh Fómhair 2024
- - Tuarascáil maidir le Rialtas Áitiúil Níos Láidre a Thógáil ó Aontas Rialtas Áitiúil na hÉireann, Samhain 2024
Agus cur chuige atá bunaithe ar fhianaise á ghlacadh aige, scrúdóidh an Tascfhórsa na ceithre thuarascáil, agus déanfaidh sé moltaí, lena n-áirítear aon leasuithe reachtaíochta, bunaithe orthu. Beidh fócas lárnach ag an Tascfhórsa ar ról an Rialtais Áitiúil maidir le tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme bheartas an Rialtais, agus déanfar na moltaí a thiocfaidh chun cinn a cheapadh chun a chinntiú go bhfuil siad oiriúnach lena gcur chun feidhme.
Clár Oibre an Tascfhórsa
Eagrófar obair an Tascfhórsa i gceithre phríomhcholún: Struchtúr, Airgeadas, Feidhmeanna agus Rialachas/Cuntasacht, agus breithneofar cumhachtaí na gComhairleoirí faoi gach colún.
Breithneoidh an Tascfhórsa prionsabal na coimhdeachta, agus scrúdóidh sé an fhéidearthacht go ndéanfaí níos mó cumhachtaí cinnteoireachta a chineachadh chuig Comhairleoirí. Scrúdóidh an Tascfhórsa freisin conas creat agus cumhachtaí na gCeantar Bardasach agus na gCoistí Ceantair a neartú.
Maidir le maoiniú, breithneoidh an Tascfhórsa ar ionchur agus smacht níos mó a thabhairt do chomhairleoirí maidir le forbairt agus cur chun feidhme bhuiséad an údaráis áitiúil agus sásraí chun neamhspleáchas fioscach a fheabhsú.
Maidir le rialachas agus cuntasacht, scrúdóidh an Tascfhórsa athchothromú cumhachta idir comhairleoirí tofa agus an feidhmeannas, chun a chinntiú go bhfuil sé de cheart ag oifigigh thofa go rachfaí i gcomhairle leo maidir le raon níos leithne cinntí. Breithneoidh sé freisin sásraí chun cuntasacht an Phríomh-Fheidhmeannaigh agus na Stiúrthóirí Seirbhísí do chomhairleoirí as cinntí feidhmiúcháin a mhéadú.
Ballraíocht an Tascfhórsa
Beidh an Tascfhórsa faoi chathaoirleacht an Uasail Jim Breslin a chaith 30 bliain i seirbhís phoiblí shinsearach na hÉireann. Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (2011–2014), ar an Roinn Sláinte (2014–2020), agus ar an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (2020–2023). Is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin é ar Chomhlacht Maoirseachta Seachtrach Óglaigh na hÉireann agus ar Ghrúpa Cúraim Sláinte Naomh Uinseann, agus is Cathaoirleach é ar Fhuinneamh In-Athnuaite Éireann, comhpháirtíocht de phríomhchomhlachais fuinnimh inbhuanaithe na tíre. Reáchtálann sé an clár um Rialachas Corparáideach sa Chleachtas d’Institiúid na Stiúrthóirí. Tá Máistreacht sa Riarachán Poiblí aige ó Scoil Harvard Kennedy, Teastas sa Ghnó agus san Athrú Aeráide ó Ollscoil Cambridge, agus Dioplóma i Stiúradh Cuideachtaí ó Institiúid na Stiúrthóirí. Bhí sé ina Chomhalta Ceannaire Beartais ag an Ionad um Eolaíocht agus Beartas, Ollscoil Cambridge freisin.
Chun rannpháirtíocht éifeachtach a éascú, meastar go mbeidh 14 dhuine sa Tascfhórsa agus go n-áireofar i measc na mball:
- Eagraíochtaí Ionadaíocha Comhairleoirí Tofa Rialtais Áitiúil;
- Ionadaithe feidhmiúcháin Údaráis Áitiúil (2);
- Cathaoirleach CNMI;
- Príomh-Fheidhmeannach na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ);
- Stiúrthóir na Seirbhíse Iniúchta Rialtais Áitiúil;
- Rúnaí Cúnta na Rannóige Rialtais Áitiúil, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta;
- Saineolaithe neamhspleácha.
Táthar ag súil go reáchtálfaidh an Tascfhórsa a chéad chruinniú níos déanaí an mhí seo agus go gcuirfidh sé moltaí ar fáil don Aire Rialtais Áitiúil agus Pleanála laistigh de 6-9 mí.