Bainistíocht agus Cothabháil an Stoic Tithíochta Sóisialta
- Foilsithe: 25 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Samhain 2025
De réir mar a mhéadaíonn líon na dtithe sóisialta, tá sé tábhachtach a chinntiú go ndéantar iad a bhainistiú go héifeachtach agus a chothabháil i gceart.
Tá an Rialtas tiomanta do chur chuige pleanáilte agus straitéiseach maidir le tithíocht shóisialta a bhainistiú. Cabhrófar leis an gcur chuige sin:
- Le cinntiú go gcomhlíonann áiteanna cónaithe caighdeáin chíosa
- Le tacú le spriocanna gníomhaíochta aeráide
- Le coinníollacha maireachtála sábháilte, compordacha a sholáthar do thionóntaí
Tá cothabháil áiteanna cónaithe atá ann cheana chomh tábhachtach le cinn nua a thógáil, rud a chinnteoidh tithíocht fhadtéarmach, ardchaighdeáin do chách
Folúntais Ócáideacha (Aonaid Fholmha)
Tá bainistíocht éifeachtach ar thithíocht shóisialta tábhachtach chun rátaí folúntais a choinneáil íseal agus a chinntiú go ndéantar tithe folmha a athligean ar cíos go pras. Chun cabhrú leis sin, tá cothabháil rialta riachtanach ionas nach mbeidh gá ach le deisiúcháin bheaga nuair a bhogann tionónta amach.
Mar sin féin, go dtí go mbeidh córas cothabhála pleanáilte iomlán bunaithe, beidh deisiúcháin mhóra ag teastáil i roinnt áiteanna cónaithe sula bhféadfar iad a athligean ar cíos. Maoinítear na deisiúcháin sin tríd an "gclár maoinithe do thithe folmha," lena soláthraítear deontais. Ar an meán, cosnaíonn sé €11,500 chun teach a ullmhú arís, ach bíonn níos mó maoinithe ar fáil más gá.
Is é an cur chuige is fearr ná nach ndéanfadh comhairlí ach na deisiúcháin riachtanacha is gá chun caighdeáin tithíochta a chomhlíonadh, ionas gur féidir tithe a athligean ar cíos go pras. Más gá deisiúcháin mhóra nach bhfuil práinneach, ba chóir iad a áireamh i sceideal cothabhála pleanáilte na comhairle chun moilleanna maidir le tithe a athligean ar cíos a chosc.
Cúinse tábhachtach eile chun luas a chur le tithe a athligean ar cíos ná feabhas a chur ar an gcaoi a leithdháiltear tithe. Go hidéalach, ba chóir an tionónta nua a roghnú agus an tairiscint a ghlacadh sula mbeidh an teach réidh le ligean ar cíos. Chun tacú leis sin, cuirfear treoir nuashonraithe ar fáil, agus foilseofar sonraí feidhmíochta do gach comhairle ar bhonn bliantúil.
Mar chuid d’fheabhsú leithdháiltí, forbrófar cód cleachtais chun cur chuige comhsheasmhach a bhunú chun ligean do thionóntaí i dtithíocht comhairle áitiúla agus i dtithíocht Comhlachta Ceadaithe Tithíochta (CCT) peataí a choinneáil, nuair is iomchuí.
Stoc Tithíochta Sóisialta
Is acmhainn phoiblí luachmhar í an tithíocht shóisialta, agus ní mór í a chosaint do na glúnta atá le teacht. Chun tacú leis sin, déanfaidh an Rialtas an méid seo a leanas:
- Clár maoinithe nua a chruthú chun líon na dtithe folmha a laghdú agus luas a chur leis an tréimhse ama ina n-athligtear ar cíos iad.
- Leanúint ar aghaidh uasghráduithe fuinnimh a mhaoiniú do thithe faoi úinéireacht chomhairle, agus é mar aidhm 36,500 uasghrádú a chríochnú go rátáil fuinnimh B2 le linn shaolré an phlean sin.
- Tacaíocht a choinneáil do dheontais lena gcabhraítear le tithe do dhaoine breacaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú.
- Clár nua ar fud na tíre a sheoladh chun tithíocht faoi úinéireacht chomhairle a athghiniúint agus a dheisiú.
- Le linn an phlean sin, suirbhéanna a dhéanamh chun riocht na tithíochta sóisialta uile atá faoi úinéireacht chomhairle a sheiceáil.
Tacófar leis na gníomhartha sin le haistriú ó chur chuige frithghníomhach (fadhbanna a réiteach nuair a tharlaíonn siad amháin) go córas níos pleanáilte agus níos straitéisí chun tithíocht chomhairle a bhainistiú agus a chothabháil, faoi threoir thorthaí na suirbhéanna ar riocht na tithíochta.
Tá sé chomh tábhachtach céanna tithíocht atá faoi úinéireacht Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCTanna) a bhainistiú. Mar chuid d’athbhreithniú ar CCTanna, féachfaidh an Roinn ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil dóthain ioncaim acu chun caighdeáin tithíochta agus spriocanna aeráide a chomhlíonadh agus tithe compordacha a sholáthar. Má thagann aon bhearnaí maoinithe chun cinn, molfaidh an Roinn beartais chun aghaidh a thabhairt orthu.