Mar a Thoghtar an Seanad (Teach Uachtarach na Parlaiminte)
- Foilsithe: 21 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 22 Eanáir 2026
- Réamhrá
- Struchtúr an tSeanaid
- Cé a fhéadfaidh a bheith ina Sheanadóir?
- Tráth toghcháin
- An modh toghcháin
- Rolla-Chomhaltaí
- An clár Chomhlachtaí Ainmniúcháin
- Ainmniúchán iarrthóirí
- An líon comhaltaí tofa
- Cé a fhéadfaidh vótáil?
- An vótaíocht
- An comhaireamh
- Corr-Thoghcháin
- Comhaltaí Ardoideachais
- Síntiúis a nochtadh
- Dlí toghcháin an tseanaid
- Bileoga eile
Réamhrá
Tá an nóta seo beartaithe mar threoir phraiticiúil. Ní léirmhíniú dlíthiúil é ar dhlí toghcháin an tSeanaid. Do thuilleadh eolais ba chóir duit féachaint ar an dlí a bhaineann le toghcháin an tSeanaid (féach 16 thíos).
Struchtúr an tSeanaid
Tá an Seanad comhdhéanta de 60 comhalta. Ainmníonn an Taoiseach (Príomh-Aire) aon chomhalta déag, toghann céimithe ollscoile 6 chomhalta agus toghtar 43 ó rollaí iarrthóirí atá ionadaíoch ar leasanna gairme sonraithe.
Cé a fhéadfaidh a bheith ina Sheanadóir?
Tá gach saoránach d’Éirinn os cionn 21 bliana d’aois agus nach bhfuil dícháilithe ag an mBunreacht nó le dlí incháilithe lena thoghadh nó lena toghadh chuig an Seanad. Tagraítear do chomhalta den Seanad mar Seanadóir nó Senator. Tá daoine a bhfuil pianbhreith príosúnachta níos mó ná sé mhí á gcur isteach acu dícháilithe do thoghadh. Tá slite beatha áirithe atá neamh-chomhoiriúnach le comhaltas den Seanad, mar shampla, comhaltaí den bhreithiúnacht, oifigigh shinsearacha institiúidí an Aontais Eorpaigh, státseirbhísigh, comhaltaí lánaimsire de na Fórsaí Cosanta agus Gardaí (póilíní).
Tráth toghcháin
Caithfidh olltoghchán chuig an Seanad a bheith ann ag tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an Dáil (An Teach Íochtarach) a lánscor. Bíonn dátaí na gcéimeanna éagsúla den toghchán (ainmniúchán, vótaíocht, etc) ceaptha le hordú ag an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
An modh toghcháin
Tionólfar na toghcháin de réir na hionadaíochta cionmhaire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe agus le rúnbhallóid poist.
Rolla-Chomhaltaí
Toghadh na 43 Rolla-Chomhalta
Roimh gach Olltoghchán cruthaítear cúig rolla d’iarrthóirí a bhfuil eolas agus taithí phraiticiúil acu sna leasanna agus seirbhísí seo a leanas faoi seach:-
1. An Rolla Saíochta agus Oideachais: - an teanga agus an tsaíocht náisiúnta, litríocht, ealaín, oideachas, dlí agus liacht;
2. An Rolla Talmhaíochta: - talmhaíocht agus gnóthaí a bhaineann léi agus iascaireacht;
3. An Rolla Oibreachais: - oibreachas, cibé comheagraithe nó nach ea;
4. An Rolla Tionscail agus Tráchtála: - tionscal agus tráchtáil, ar a n-áirítear baincéireacht, airgeadas, cuntasaíocht, innealtóireacht agus ailtireacht;
5. An Rolla Riaracháin: - riarachán poiblí agus seirbhísí comhdhaonnacha, lena n-áirítear obair chomhdhaonnach dheonach.
An clár Chomhlachtaí Ainmniúcháin
Coinníonn ceann comhairimh an tSeanaid (Cléireach an tSeanaid) clár de chomhlachtaí atá i dteideal iarrthóirí a ainmniú ar na rollaí iarrthóirí. Le bheith incháilithe do chlárú mar chomhlacht ainmniúcháin, caithfidh baint a bheith ag an eagraíocht go príomha le gnóthaí agus seirbhísí cheann nó eile de na rollaí, agus a bheith ionadaíoch orthu. Ní fhéadfaidh comhlacht a bheith cláraithe i ndáil le níos mó ná painéal amháin.
Níl eagraíochtaí atá ina ngnóthais déanta brabúis go príomha incháilithe do chlárú. Déantar an clár a athbhreithniú go bliantúil.
Ainmniúchán iarrthóirí
Tá dhá fho-rolla ann do gach rolla: an fo-rolla do Chomhlachtaí Ainmniúcháin agus an fo-rolla don Oireachtas. Féadfaidh gach comhlacht ainmniúcháin cláraithe i ndáil le rolla líon socraithe iarrthóirí a ainmniú don rolla sin.
Comhdhéanann na hiarrthóirí sin fo-rolla na rollaí difriúla do chomhlachtaí ainmniúcháin. Féadfaidh aon cheithre chomhalta de Dháil nua-thofa nó de Sheanad atá i ndeireadh a thréimhse iarrthóir amháin a ainmniú d’aon rolla ach ní fhéadfaidh gach comhalta a bheith páirteach ach in aon ainmniúchán amháin. Is iad na hiarrthóirí sin an fo-rolla don Oireachtas (Parlaimint). Caithfear íoslíon sonraithe de chomhaltaí a thoghadh do gach fo-rolla.
An líon comhaltaí tofa
Seo a leanas an líon comhaltaí atá le toghadh ó gach rolla agus an t-íoslíon a chaithfear a thoghadh as gach fo-rolla:
Cé a fhéadfaidh vótáil?
Féadfaidh na doine seo a leanas vótáil ag olltoghchán de rolla-chomhaltaí:
- Comhaltaí den Dáil atá ag teacht isteach,
- Comhaltaí den Seanad atá ag dul amach,
- Comhaltaí de comhairlí cathrach, comhairlí contae agus comhairlí cathrach agus contae.
Ní bhíonn ach aon vóta amháin ag gach toghthóir i ndáil le gach rolla fiú má bhíonn sé nó sí cáilithe i níos mó ná gné amháin. Is thart ar 1,000 atá sa líon toghthóirí.
An vótaíocht
Eisíonn an ceann comhairimh liosta de na hiarrthóirí atá ainmnithe do gach rolla, a léiríonn na comhlachtaí nó daoine a rinne na hainmniúcháin, do gach vótálaí. Ar an lá a bheidh eaptha le hordú ag an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, seolfaidh an ceann comhairimh, leis an bpost cláraithe, cúig pháipéar ballóide (ceann do gach painéal) ag taispeáint ainmneacha na n-iarrthóirí in ord aibítre, a seoltaí agus a dtuairiscí, grianghraif, más ann agus an fo-rolla dá bhfuil siad ainmnithe, chuig gach vótálaí. Ní bhíonn cleamhnacht pholaitíochta, más ann, na n-iarrthóírí taispeánta ar na páipéir bhallóide. Marcálann an vótálaí, tar éis dearbhú céannachta a chomhlánú i láthair duine údaraithe, ord a rogha iarrthóirí ar gach páipéar agus cuireann na páipéir bhallóide ar ais leis an bpost cláraithe chuig an gceann comhairimh.
An comhaireamh
Bíonn comhaireamh ar leithligh ann do gach rolla. Déantar na páipéir bhallóide a shórtáil de réir na chéad rogha a bhíonn taispeánta orthu. Chun comhaireamh a éascú tugtar luach de 1,000 do gach vóta. Déantar luach cuí a vótaí chéad rogha a chreidiúnú do gach iarrthóir. Is é an cuóta an líon íosta vótaí a bheidh riachtanach chun toghadh iarrthóra a ráthú. Fionntar é trí luach iomlán na vótaí bailí a roinnt ar uimhir a mbeidh a haon de bhreis aici ar an líon suíochán atá le líonadh agus a haon a chur leis an toradh. Más rud é, mar shampla, gur 900,000 líon iomlán na vótaí a chaitear i ndáil le painéal agus go mbíonn 5 shuíochán le líonadh, is 150,001 a bheidh sa chuóta, eadhon 0.9m÷(6+1)
6
- An vótaíocht Eisíonn an ceann comhairimh liosta de na hiarrthóirí atá ainmnithe do gach rolla, a léiríonn na comhlachtaí nó daoine a rinne na hainmniúcháin, do gach vótálaí. Ar an lá a bheidh eaptha le hordú ag an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, seolfaidh an ceann comhairimh, leis an bpost cláraithe, cúig pháipéar ballóide (ceann do gach painéal) ag taispeáint ainmneacha na n-iarrthóirí in ord aibítre, a seoltaí agus a dtuairiscí, grianghraif, más ann agus an fo-rolla dá bhfuil siad ainmnithe, chuig gach vótálaí. Ní bhíonn cleamhnacht pholaitíochta, más ann, na n-iarrthóírí taispeánta ar na páipéir bhallóide. Marcálann an vótálaí, tar éis dearbhú céannachta a chomhlánú i láthair duine údaraithe, ord a rogha iarrthóirí ar gach páipéar agus cuireann na páipéir bhallóide ar ais leis an bpost cláraithe chuig an gceann comhairimh.
- An comhaireamh
Bíonn comhaireamh ar leithligh ann do gach rolla. Déantar na páipéir bhallóide a shórtáil de réir na chéad rogha a bhíonn taispeánta orthu. Chun comhaireamh a éascú tugtar luach de 1,000 do gach vóta. Déantar luach cuí a vótaí chéad rogha a chreidiúnú do gach iarrthóir. Is é an cuóta an líon íosta vótaí a bheidh riachtanach chun toghadh iarrthóra a ráthú. Fionntar é trí luach iomlán na vótaí bailí a roinnt ar uimhir a mbeidh a haon de bhreis aici ar an líon suíochán atá le líonadh agus a haon a chur leis an toradh. Más rud é, mar shampla, gur 900,000 líon iomlán na vótaí a chaitear i ndáil le painéal agus go mbíonn 5 shuíochán le líonadh, is 150,001 a bheidh sa chuóta, eadhon
0.9m6 + 1.
Feicfear, sa sampla seo, gur cúig iarrthóir amháin (an líon atá le toghadh) a d’fhéadfadh an cuóta a bhaint amach.
Má bhíonn luach vótaí iarrthóra comhionann leis an gcuóta, nó níos mó ná an cuóta, meastar tofa é nó í mura ndán is go ndéanfadh a dtoghadh dodhéanta é an t-íoslíon comhaltaí ó gach fo-rolla a thoghadh (féach 9 thuas). Má fhaigheann iarrthóir níos mó ná cuóta, déantar an barrachas a dháileadh ar na hiarrthóirí a bheidh fágtha de réir na chéad rogha éifeachtaí eile a bhíonn taispeánta ar na páipéir bhallóide. I gcás go mbíonn an líon uasta iarrthóirí tofa d’fho-rolla, déanfar luachanna vótaí na n-iarrthóirí a bhíonn fágtha ar an bhfo-rolla sin a dháileadh de réir na chéad rogha éifeachtaí eile a bhíonn taispeánta ar na páipéir a bhíonn i gceist. Mura mbíonn barrachas ag aon iarrthóir, déanfar an t-iarrthóir is ísle a eisiamh agus déanfar a vótaí a dháileadh ag an luach a bhfuair sé nó sí iad. Ní féidir iarrthóir a eisiamh, áfach, más rud é go ndéanfadh a eisiamh dodhéanta é an t-íoslíon comhaltaí ó gach fo-rolla a thoghadh.
Corr-Thoghcháin
I gcás dtarlaíonn corr-fholúntas sa Seanad trí éag, teacht faoi dhícháilíocht nó éirí as oifig do rolla-chomhalta, líontar an folúntas le corrthoghchán. Féadfaidh naonúr comhaltaí den Oireachtas iarrthóir a ainmniú i ndáil le folúntas fo-rolla don Oireachtas; féadfaidh comhlacht ainmniúcháin don rolla iomchuí iarrthóir a ainmniú d’fholúntas i bhfo-rolla do chomhlachtaí ainmniúcháin. Bíonn na toghthóirí ag corrthoghchán comhdhéanta de chomhaltaí na Dála agus an tSeanaid, 234 ar an iomlán. Déantar an vótáil trí rúnbhallóid phoist. Bíonn an nós imeachta comhairimh mar a chéile leis an nós imeachta ag Olltoghchán don Seanad ach d’uireasa an mhodhnaithe is gá lena chinntiú go mbíonn an t-íoslíon tofa ó gach fo-rolla.
Comhaltaí Ardoideachais
Toghadh na 6 Chomhalta Ardoideachais
Toghlaigh
Go dtí le gairid, is iad na toghlaigh do chomhaltaí Ardoideachais a toghadh chun an tSeanaid ná Ollscoil na hÉireann (OÉ) agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide). Thogh siad araon 3 comhalta. Tá athrú tagtha ar seo tar éis achtú an Achta Toghcháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile) (Leasú), 2024. Ag an gcéad Olltoghchán eile den Seanad, tiocfaidh toghlach sé-shuíochán ‘Ardoideachais’ nua in ionad an dá thoghlach trí-shuíochán ‘Ollscoil na hÉireann’ agus ‘Ollscoil Bhaile Átha Cliath’ atá ann faoi láthair. Beidh an seisear comhalta ‘Ardoideachais’ tofa ag Institiúidí Ainmnithe Ardoideachais.
Cé a fhéadfaidh vótáil?
Beidh céimithe ó aon Institiúid Ainmnithe Ardoideachais in Éirinn atá 18 mbliana d’aois ar a laghad agus atá ina saoránaigh d’Éirinn i dteideal a bheith ina dtoghthóirí sa toghlach sé-shuíochán ‘Ardoideachais’ nua. Is iad na hinstitiúidí atá san áireamh ná OÉ, Ollscoil Bhaile Átha Cliath – Coláiste na Tríonóide agus iad siúd atá ainmnithe faoin Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022. Faoi láthair, is iad seo na seacht n-ollscoil thraidisiúnta, na hollscoileanna teicniúla, na hinstitiúidí teicneolaíochta, an Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, agus Coláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn.
Is féidir leo siúd ar mian leo iarratas a dhéanamh a bheith ar chlár na dtoghthóirí do ‘thoghlach Ardoideachais’ é sin a dhéanamh ag www.seanadvoter.ie.
Ainmniúchán iarrthóirí
Féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir ag toghchán
i dtoghlach Ardoideachais nó féadfaidh, le toiliú uaidh nó uaithi,
a bheith ainmnithe ag duine eile (duine atá cláraithe mar
thoghthóir i dtoghlach Ardoideachais) mar mholtóir. Ní mór ainmniúchán an iarrthóra a bheith glactha ag 60 toghthóir cláraithe (seachas an t-iarrthóir agus aon mholtóir) i dtoghlach an Ardoideachais. De rogha air sin, is féidir le hiarrthóir éarlais de €1,800 a íoc chun a n-ainmniúchán a dheimhniú. Sa chás go roghnaíonn iarrthóir an éarlais a íoc, tabharfar an táille seo ar ais dóibh má thoghtar iad. Níl aon cheanglas ann go gcaithfidh iarrthóir a bheith ina c(h)éimí de chuid na hInstitiúide Ainmnithe Ardoideachais lena mbaineann ná a bheith bainteach leis ar bhealach ar bith.
Postas in aisce d’iarrthóirí
Tá gach iarrthóir ag toghchán toghlaigh ‘Ardoideachais’ Seanaid i dteideal litir thoghcháin amháin a sheoladh saor ó tháille phostais, go gach toghthóir i dtoghlach Ardoideachais.Is é an Státchiste a chlúdóidh costas na saoráide sin.
Olltoghchán
Laistigh de 7 lá ó lánscor na Dála, bíonn ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na dátaí iomchuí a cheapadh chun olltoghchán chomhaltaí Ardoideachais chun an tSeanaid a stiúradh. Is ceann comhairimh, atá ina Leas-Seansailéir ar OÉ, a dhéanann stiúir ar thoghchán toghlaigh ‘Ardoideachais’. Is leis an bpost a dhéanfar an vótáil agus tionólfar an toghchán de réir phrionsabail na hionadaíochta cionmhaire agus aonvóta inaistrithe a bheith ag gach toghthóir. Nuair a bhíonn páipéir bhallóide á n-eisiúint,, eisíonn an ceann comhairimh foirm dhearbhú céannachta freisin a chaithfidh an toghthóir a chomhlánú i láthair finné agus a chur ar ais leis an bpáipéar ballóide. Déantar an comhaireamh a stiúradh ar an tslí chéanna le comhaireamh ag toghchán comhaltaí chuig an Dáil.
Corr-thoghcháin
Beidh tréimhse eatramhach i gceist idir an 21 Márta 2025 agus an dáta a dhéantar an chéad lánscor den Dáil tar éis an dáta sin. I gcás go dtarlaíonn folúntas trí éag nó éirí as oifig do Sheanadóir as ceachtar do thoghlaigh OÉ nó Ollscoil Bhaile Átha Cliath atá ann faoi láthair le linn na tréimhse eatramhaí, tarlóidh corrthoghchán don toghlach ábhartha. Beidh an clár don toghlach ábhartha (OÉ nó Coláiste na Tríonóide) comhdhéanta de chéimithe na hollscoile ábhartha atá cláraithe do chlár na dtoghthóirí ‘Ardoideachais’. Ciallaíonn sé seo go mbeidh céimithe a bhfuil céim acu ón institiúid ábhartha san áireamh ar chlár na dtoghthóirí don chorrthoghchán.
Tar éis an chéad Olltoghchán Seanaid eile, i gcás go dtarlaíonn corrfholúntas trí éag, teacht faoi dhícháilíocht nó éirí as oifig do chomhalta Ardoideachais, líonfar an folúntas le corrthoghchán de thoghlach ‘Ardoideachais’. Beidh an nós imeachta ag corrthoghchán mar a chéile le toghchán comhaltaí Ardoideachais a thoghadh in Olltoghchán an tSeanaid.
Síntiúis a nochtadh
Tá glacadh le síntiúis chun críocha polaitíochta rialaithe le dlí. Ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí agus iarrthóirí ar thoghadh síntiús is mó ná €1,000 a ghlacadh ó dhuine i mbliain ar leith. I gcás páirtí polaitíochta nó grúpa feachtais, ní fhéadfaidh an síntiús uasta a ghlactar a bheith níos mó ná €2,500. Tá cosc ar shíntiúis a ghlacadh ó dhuine nach saoránach d’Éirinn é nó í agus a bhfuil cónaí air nó uirthi thar lear.
Ní mór ‘síntiúsóir corparáideach’ ar mian leis síntiús níos mó ná €200 a thabhairt d’iarrthóir, d’ionadaí tofa, do pháirtí polaitíochta nó do ghrúpa feachtais tríú páirtí a bheith cláraithe leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Maidir le síntiús atá níos mó ná an méid sin agus a fhaightear ó shíntiúsóir corparáideach, ní mór ráiteas a bheith in éineacht leis á rá gur cheadaigh comhaltaí, scairshealbhóirí nó iontaobhaithe an chomhlachta is síntiúsóir an síntiús. Is é atá sa tsuim uasta a bhféadfar glacadh léi ó ‘síntiúsóir corparáideach’ nach bhfuil cláraithe ná €200. Is é atá sa mhíniú ar shíntiúsóir corparáideach ná (i) comhlacht corpraithe; (ii) comhlacht neamhchorpraithe daoine, nó (iii) iontaobhas.
Is é atá sa tsuim uasta a bhféadfar glacadh léi mar shíntiús airgid thirim sa bhliain chéanna ná €200.
Bíonn ar iarrthóir ag toghchán Seanaid nach n-éiríonn leis nó léi, ráiteas a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, laistigh de 56 lá ó chríochnú na vótaíochta ag an toghchán, ag léiriú an bhfuair siad aon shíntiúis ba mhó ná €600 don toghchán agus sonraí a thabhairt d’aon shíntiúis den sórt sin agus de na daoine a rinne iad. Bíonn ar gach comhalta den Seanad ráiteas síntiúis comhchosúil a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, faoin 31ú Eanáir gach bliain, i ndáil leis an mbliain fhéilire roimhe sin.
Chomh maith leis sin, bíonn ar gach páirtí polaitíochta ráiteas a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, faoin 31ú Márta gach bliain, ag léiriú an bhfuair siad aon shíntiúis ba mhó ná €2,500 agus ag tabhairt sonraí aon síntiús den sórt sin agus sonraí na ndaoine a rinne iad.
Dlí toghcháin an tseanaid
Is é an dlí a bhaineann le toghadh comhaltaí don Seanad le fáil go príomha sna forálacha dlí seo a leanas, arna leasú:
Bileoga eile
Seo a leanas bileoga eile sa tsraith seo atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne www.gov.ie/housing: